378
AN GAODHAL
There is not, perhaps, in the histor¬
y of the Gaelic movement a more im¬
portant event than that of the Con¬
vention of the Ancient Order of Hi¬
bernians which was held in Omaha,
Neb., on May 8 — 12, at which $50,000
were voted to endow a Celtic Chair in
the Catholic University, Washington,
and before which the Rt. Rev. Bishop
Scannell delivered the following Gael¬
ic address, and declared his willing¬
ness to join the Order — the first bish¬
op of America who has done so. His
Lordship's address. —
(From the Irish Standard, Minne¬
apolis, Minn.).
A Dhaoine Uaisle na h-Éireann :—
Bhí áthas mór orm an lá faoi dheire an
uair thainig litir, no sgríobhadh, ó Dhoc¬
túr O'Catháin, an ceann léigheanta de'n
Choláisde mór Washington ag rádh
liom go raibh sibh-se, Sean Ord na h-Éir¬
eann, chum Cathaoir Ghaedhilge a chur
suas anns an g-coláisde sin. Deirim
go raibh áthas mór orm óir atá cion &
grádh agam air mo theanga nádúrtha
féin. Is sí 'n Ghaedhealg ar d-teanga
dhúthchais — teanga ar n-aithreach agus ar
máithreach; an teanga do labhair Pád¬
raic agus Bríghid agus Columcille; an
teanga do labhair Pádraic Sairséal a
n-aice cathair Luimnigh; an teanga do
labhair Domhnall O'Conaill thre talamh
na h-Éireann. Is teanga bhinn, mhilis,
teanga na Gaedhilge. Budh bhreágh agus
budh mhilis na sean rannta do chualadh¬
ar ar n-aithreacha fad ó shoin i n-Éirinn,
"Seághan O'Duibhir an Ghleanna"; Gráin¬
ne Mhaol"; "Fáinne Geal an Lae";
"Bán Cnuic Éireann Ógh; "Druimfhion
Dubh Dhílis," agus a leithéid. Labhrann
an Breathnach & an Francach, & an Gar¬
amanach a d-teanga féin. Cia 'n chúis
na labhramuid-ne — Clann na nGaodhal,
teanga na nGaodhal? Ná fuil neart
& misneach, & aoirgiod agaibh-se chum an
chathaoir so do chuir suas, & ar d-tean¬
ga nádurtha do coimeud 'na beatha?
Cuimhnighidh-si air bhur n'ainm — Sean Ord
na h-Éireann, go deimhin, ach Éireannaigh
gan teanga na hÉireann. Ó seo
amach atá súil agam go n-deunfaidh sibh
bhur n-dithchioll anns an g-cúis mhór so.
Ní bh-fuil an Gaedhealg tar éis bháis, —
ní bh-fuil sí marbh fós, &, le congnamh
Dé, ní bhéidh sí marbh; agus, air an ádh¬
bhar sin, deirim ann so anois libh-se,
Sean Ord na h-Éireann — airgiod síos
29 Glengarriff Parade,
N C Road, B'l'a' cliath, Éire,
27 Abrain, 1894.
A chara ionmhuin, —
Do sgríobhas na dánta ata ions
an litir seo go déighionach & do shaoil
mé gur cóir dham iad do chur chugat-sa
is féidir go bh-fuil siad fiú áit 's an
"nGaodhal."
Táim cinnte go bh-fuil áthas mór ort
do chlos go bh-fuil cúis na Gaedhilge ag
dul ar aghaidh go mór ions an g-cathruigh
seo, & ar fud Éireann, mar an g-ceud¬
na. Tá na daoine óga ag oibriughadh a
n-diu, & is in na daoinibh óga tá dóthchus
ar d-tíre & ar d-teangan, go mórmhor
in-daoinibh óga Duibhlinne, oir leanann
na daoine ar fud Éireann daoine Duibh¬
linne ar fad & ma bh-fuil baramhail
coitchionn maith ag na daoinibh ions an
g-catruigh seo a d-taoibh teangan na
Gaedhilge, béidh an bharamhail ceudna ag
na daoinibh eile.
Na caill do mheisneach óir rinne tusa
do dhíthchioll, agus do sheas tú go cródha
ions an m-bearnán nuair nach raibh neach
ar bith eile le fághail an chuid is lugha
de 'n obair mhaith seo a dheunadh-
Go m-beannuigh Dia thú & do chuid oib¬
re.
An Gabhar Donn.
[A Ghabhair Dhuinn ionmhuin, ná bidheadh
imnídhe ort i d-taobh mo mheisnigh-se. Ní
rabh mo dhóthchas i m-buaidh mo theangan
agus, d'a bhrigh sin, mo thíre, níos dóig¬
theamhla 'riamh ná tá sé i n-diu. Agus, le
congnamh Dé, is geárr go m-beidhead i
nan stáir oibre gach aon 'san g-cúis ó
cuireadh air bun í, os cionn fiche bliadh¬
ain ó shoin, do thaisbeánadh do 'n phuibligh¬
eacht.
Le meas mór agus cion, mar
budh chóir, táim do dhearbhráthair dhílis,
M. J. Ua Lócháin.]
