AN GAODHAL.
381
The following piece was composed by Capt. Norris,
and recited by him at the annual entertainment of the P
Celtic Society, N York, at Clarendon Hall on April 20
Breathnughadh air Stáid Láithreach na h-Éireann.
Bhídheas sealad go seunmhar, 's gan leundubh am' inntinn,
Ann áit 'na raibh tréin-fhir cois Léinloich na míontoinn,
A d-tír ghlas na h-Éirionn, na spéirbhean 's na saoithe —
A d-tabhairfidh mo Dhia dham aon radharc airthi choidhche?
Annsúd do bhídheadh imirt go cliste air an m-bán,
A's an liathróid d'a cloithe go fras le comán;
An píobaire ag seinm, 'san machaire lán
De brinneallaibh gleoite a's d'óig-fhearaibh adhartha,
A greadadh na bh-fód n-glas le fórsa go meadhrach.
Annsúd do bhí 'n chráibheacht, gan cráiteachd ar dhaoinibh,
Ag cleachd na subháilcídhe 's na n-grása dai-ríribh,
Bhí rath air na bántaibh 's gach fás réir a shíl ann,
'San t-aer mar ba ghnáth leis, tabhairt sláinte gan díth ann;
Fuair an díl Eaglais bheannuighthe meas a's ómós,
A's na h-easbuig 's na sagairt ann úmhlacht gan tómhas;
Bhí bráithre agus manaigh a teagasg na n-óg;
Na mná riaghalta naomhtha ag tréigeann an t-saoighil ann.
A d-teachaibh leo féin, ag tabhairt léighin do leanbhaibh ann.
'S ann t-Samhradh budh bhreágh leat na páirceanna míne,
Faoi chúmrachd na m-bláth n-geal, falláinte le mílse;
An drúchd ar na bántaibh, 's na fáis ghlasa a'd thímchioll,
Bheir feabhas na h-anála do 'n árd a's do 'n ísiol.
Na h-éin bhinne 'g cantainn go blasda air an g-craoibh,
'Na sluadhtaibh air chrannaibh, a's ní tasg liom a mhaoidheamh,
Gur shamhail le flaitheas an t-aiteas do bhidheadh,
'Measg capall a's bó, ar an bh-fód uaithne feurach,
'S na h-uain bheaga óga a spórt 'measg na g-caorach.
Ní gádh dam a rádh libh, a cháirde mo chroídhe-se —
A maoin a's a m-breághthacht ní'l sáimhe gan saoirse, —
'Gus m' athuirsne cráidhte, is náireach le maoidheamh é,
Gur gamairleach tláth-lag tá stáidibh ar n-daoineadh;
Is ró fhurus a mealla 's is deacair a g-crádh',
A's ní thigeann aon chealg 'na measg le míodhágh:
A Mhic Naomhtha na b-flaithios, fuair panaid 'san pháis —
Tabhair fuasgailt gan taise 'r ar n-aicme iomruagtha,
'S cuir tóir air na Gallaibh as crích ghlas na Fódhla.
Mo chreach fada cráidhte 's mo chás doilbh deorach,
Ná maireann an sáirfhear bhí dána onóireach,
Do thóig na bochdáin, bhí gan áird, as an luaithre,
'S do chuir iad go h-árd suas a n-dáil na coróine :
A Pharnell, dá m-beidhtheá 'n do bheatha anois slán.
Ní bhéidheadh (Gladstone) an magaire sóghach 'na chaisleán,
Do bheidheadh Éire bhochd cosanta 's tusa gan cháimh,
Nó 'g fulang faoi chórdaibh, do'd stór grinn go foighideach,
Amhuil Emett, an leomhan groídhe 'san Garalthach greadhnach
