(9)
10Mhadh Rol. Uimh. 9
IUIL
1894.
CLÓITHRÍN.
Ó Fhear ar Ceanntar Thuama
Is sean-fhocal é gur bean muc ⁊ múille
na trí neithe nach féidir a múnadh. Iarr
air mhuic do dhul soir, ⁊ tig leat do
bheith cinnte gur siar do bheurfadh sí a
h-aghaidh Ná tabhair iarracht smacht do
chur air mhnaoi nó air mhúille :Ní fhuig-
fidh ceann aca liobar leathair ort ⁊
rachaidh an ceann eile ag gabháil d'a
thóin in áirde. Acht dá dhona iad, atá
bárr ag tais, taibhse ⁊ púca orra.
Bhí fear, tamall maith o shoin, 'na
chomhnuidhe i b-práisde Dúin Mhóir, ⁊
thárla go raibh sé dul air aonach éigin
de shiúbhal oidhche, ⁊ subhán muice aige le
díol. Do bhí sé dul air aghaidh go saimh,
socair, suaimhneach, an uair do casadh
fear de 'n bhaile leis d'fhiafruigh dhe an
raibh sé ag dul air an aonach.
"Éisd" ! a deir fear na muice, "nó
cloisfidh an mhuc thú, nó fillfidh sí air a
h-ais."
Ní dheárnadh an fear eile acht gáire,
⁊ bhog fear na muice leis.
Ní dheachaidh sé i bh-fad nó n-geárr
gur shaoil an mhuc iontódh siar, ⁊ a
sheacht dhithchioll ní chuirfeadh air a h-aghaidh
í arís. Do thoisigh an fear ag gabháil
uirri gur chlis a neart, acht ní raibh aon
mhaith dhó ann.
"Maiseadh," adeir sé, "gan mo chúig
mhíle gheur-de thobuisde na bliadhna ort,
mar mór do thasduigh, uait 'rádh gur
un an (chum) aonaigh bhí mé ag dul."
Do bhí sé 'na sheasamh air an m-bóthar
ag geuruigheacht & ag ascaointam i g-
caoi nár chualais dall nó bacach ariamh
go raibh lán pota curtha as a chroidhe
aige, ⁊ h-uile mhionna-mór chomh millteach
a's go lasfadh sé coinnioll.
Tar éis a neart do bheith tabhartha ag
rúsgadh ⁊ ag losgadh mionna-mór d'
fheuch sé thart, ⁊ do chonnairc sé toirt
