an fhir mhóir dhuibh air choladh an bhóthair
in aice na muice Annsin, do thuig sé
gur ab é seo do bhí ag deunamh baillséi¬
re (ballsgéig) de, acht bhí an oiread
feirge air nár bh' fhéidir leis stadadh
gan cogadh cainte do chur air an bhfear
dubh.
"In ainm Dé," ar sé, "Cia thú, nó
ceud do chas annso thú" ? D'fhreagair
an tais,
"Ní duine saoghalta mise, acht crea¬
túr atá ag cur na h-aimsire thart go
d-tí lá an bhreitheamhnais. Atá sé d'
fhiachaibh orm do dhul in áit ar bith a g-
cuirfear mé."
D' orduigh an fear dhó a dhul faoi dhroich¬
thidín an átha fhada go rachfadh an cheud
pearsa-eagluise thart. Cia bhuailfeadh
an bóthar le fáinne (nó fáinniughadh) 'n
lae air maidin acht minsteuraidh (min¬
istéir, & air do bheith go díreach ag an
sruthán dhó, do sheas a chopall. Do bhí
an tais 'na sheasamh air shlait an droich¬
thidín in eideadh duine saoghalta. Do
bheannuigh an ministeuraidh go tláith,
(tlaith) plásach, dhó, & d' fhiafruigh dhe
ceurd do chas amach chomh moch soin é
maidin gheimhrigh. Do mhínigh an tais a
sgeul cruaidh, cráidhte ó bhun go bárr
dó, ag rádh leis freisin gur cuireadh é
ag iarruidh áit-chomhnuidhe faoi 'na choim¬
irc & chumhacht. Bhí Gort na g-Cadhan,
eadhon, áit atá in aice an t-srutháin,
bán san am soin, & do thuit amach * go
raibh sé mar fheilm ag an ministeir.
Do smuaintigh sé an tais do chur i d¬
teach an mhaoir ag cúmhdach na feilme
leis.
I réir mar bhí muintir an tighe ag éir¬
ighe teann air Chloithrín (i. an tais), &
eisean orra-san, do bhí sé ag tabhairt
tuairisge dóibh faoi go leor de na nei¬
thibh seo air a rabhadar neimheolgach Dá
m-beidheadh aonduine tinn san g-comhur¬
sanacht, d'inneosadh Cloithrín an raibh
sé le n'imtheacht. Is iomadh caoi bhí aige
cum so do dheunadh. Do shaoilfeá go
m-beidheadh sé ag cur cónra (cómhra) le
chéile, nó ag deunadh uaighe ag an dor¬
us-iadta. Ó bheith mar súd dó, do thois¬
igh sé ag deunamh leath-mhailise, .i ag ca-
adh cor-dhairteog lé muintir an gighe, &
ag dul ó áit go h-áit air fud na g-có¬
mhursan i súil le greann d'fhaghbháil as¬
ta; achd, dá n-éireochadh leis an g-coil¬
each do bheith ar an g-cliath sul má d¬
tiocfadh Cloithrín i bhaile, do bheidheadh
teach an mhaoir gan aon cholóid an oidh¬
che sin.
Tráthnóna d'a raibh Cloithrín istigh go
h-an luath, thárla go d-tánaig dhá cheann¬
uidhe-mála ag iarraidh lóisdín. Adubh¬
airt an maor go d-tiuradh sé sin dóibh
& fáilte, acht go m-b' fhéidir nár mhaith
leo cur suas i d-teach a raibh tais ann.
"Cia 'n dochar," ar fear acu. "is
feárr do bheith in áit ar bith ioná 'n ar
g-codladh chois chlaidh go maidin."
Bhí go maith & ní raibh go h-olc, do
leagadar thart a m-bugáisde, & thoisigh
siad orra ag caint & ag cómhrádh le
fear an tighe go d-ti am chodalta. Do
shocruigh siad leabóg san g-clúid & is¬
teach leo innti. Bhí péire nuadh bróg ag
duine acu & adubhairt sé leis féin go
m-b' fheárr dó iad do chur faoi n-a
cheann Níor bheag soin le múisiom
[musán] do chur air Chloithrín. Rug sé
air na brógaibh & chaith sé air chúl na
teineadh iad.
An uair do chonnarcadar na ceann¬
uidhthe an beart so, do chuir gach fear
a cheann faoi 'n b-pluid, acht níor bh'
fhada dóibh amhlaigh gur rugadh greim
cluaise orra, & do cuireadh a g-cinn
san áit cheart arís. Seo amach an
bheirt, gan ceist air cholainn aca, go d¬
tangadar chomh fada le teach eile do bhí
leith-mhíle ar an áit. D'inniseadar a
sgeul annso & do cuireadh chóir chodal¬
ta orra, acht ní túisge do bhídheadar
socruighthe ná thoisigh Cloithrín ag bual¬
adh os a g-cionn le súiste i racht go m¬
b' éigin dóibh éirigh arís & filleadh air a
n-ais. Ann sin thug sé foras dóibh gur
ghluaiseadar air maidin.
Aon lá féil Sdeapháin amháin bhí fear
ag dul go Dún Mhór le braon d'ól. Do
chuir sé féin & Cloithrín caint air a
chéile, acht sé an rud do b' easbhaidh ó'n
bh-fear píosa magaidh do dheunamh de
Chloithrín ag rádh leis go d-troidfeadh
cogar.
