AN GAODHAL.
385
sé é ag teacht i mh-baile an uair do
bheidheadh a sháith ólta aige. Air an má¬
rach do bhí comhursa dhó ag dul go Tuaim
é féin & a inghean, & do bhídheadhar le n-a
chéile i g-cairt.
"Feuch tháll," ar an inghean, ag cur
ainm air an bh-fear a raibh Cloithrín i g-
comhrádh leis.
"Ná bac leis," ar a h-athair, "is air
misge atá sé."
"An é sin é, a chara?" adubhairt guth
éigin.
Chuaidh fear na cartach go dtí an
fear eile acht bhí sé 'na sheasamh le cladh
mín marbh gan sgeámh ann.
Do leig Cloithrín amach air féin gur
ab é do righne an choir.
"Cad chuige ar mharbh tú é, nach raibh
do sháith romhat cheana?" ar buachaill
an mhaoir leis.
"Cad chuige nár leig sé dham féin?"
ar Cloithrín; "Ní raibh mise ag deunamh
aon cheo air an uair do chuir sé bleid-
chomhrádh orm, acht thugas a sháith de bhun
& de bhárr a mhaide féin dhó.
Ó lá go ló do bhí Cloithrín ag taithigh i
nGort-na-gCadhán, & muintir na m-bail¬
te cómhgharach ag tabhairt áirde air an
seanrádh, " Craith lámh leis an droch
dhuine & leig an deágh dhuine thart."
Smuaintigh bean an mhaoir, air deir¬
eadh shiar, go m-ba náireach an sgeul dí
leithid Chloithrín do bheith air fud a tighe
gan cóir dhíbirte do chur air. D'innis
sí do bhrathair an chaoi a raibh a teach
'na phleuráca. D'fhóghluim sí focla éig¬
in ó 'n m-bráthair d' fhiadhach Cloithrín.
D'imthigh sé tar éis thré séin nimhe gheura
ghránda do rachfadh thré chlár darach.
"Ní feirde thú é, a chailligh," ar sé,
óir is beag do bhí mé ag cur as duit, &
gan bhuidheachas beidhead annso fós. A
táim réidh anois. "Slán & beannacht le
d'fhear, acht mo mhallacht duit féin & go
bheul do mhúinte ( .i. an bráthair )
Thanaig tréleaghadh air chuid & maoin-
shaoghalta na caillighe i g-caoi nach raibh
lá de shlacht nó seun uirri go n-deachaidh
sí i g-cré, acht nior fhill Cloithrín nó a
thuairisg ó an lá úd go dtí an lá atá
i láthair.
LESSONS IN GAELIC.
(BOURKE'S)
THE GAELIC ALPHABET.
Irish.
Roman.
Sound.
Irish.
Roman.
Sound.
a
a
aw
m
m
emm
b
b
bay
n
n
enn
c
c
kay
o
o
oh
d
d
dhay
p
p
pay
e
e
ay
r
r
arr
f
f
eff
s
s
ess
g
g
gay
t
t
thay
i
i
ee
u
u
oo
l
l
ell
XXIX LESSON. —
Translation of last Exercise —
1 Cia tá an sin? 2. Mise. 3 Cia
thusa? 4. Séamus Ua Briain. 5. Tarr
asteach a Séamuis, sé do bheatha; suidh
síos & deun do chomhrádh. 6. Is maith
liom go bh-feicim thú a sláinte Is fada
an lá ó bhi tusa & mise, roimh an lá n-
iudh, a g-cu deacht; & go deimhin leat tá
bróid (gladness) orm anois go bh-fuil¬
mid-ne ann so le chéile — tusa aig a bh-
fuil mór-chéim agus cáil air feadh na
cruinne; & mise, a tá ann so, ann iach¬
tar na tíre, ganfios gan luadhradh. 6
Och, agraim ort, ná tosuigh cho luath sin
do mo mholadh ; nó, sé is cóir dam a
rádh, a magadh fúm. 7. Go deimhin ní'l
( for ní bh-fuil ) mise magadh fút; acht
tá mé a rádh na fírinne; tá fios agam
go bh-fuil tú an-umhal & ní labharóchthad
( I shall not speak ) focal ann do mhol¬
ta ( in your praise). Mar dubhairt mé
( as I have said ), is fada ó bhí muidne
le chéile aig dul (going) ann scoile an
uair bhímar-ne i dteach d' atharmhóir ;
beannacht Dé le n-a anam. Nár shiúbhal
tusa go leor de 'n domhan ó shoin? 8
Shiúbhalas ; tá agam mórán le rádh air
gach nidh do chualas (I heard), & gach nidh
do chonnarcas (I saw), dá m-beidheadh
faill (opportunity) agam seal a chathadh
( to spend ) leat. Acht beidh faill agam
am eigin eile. 9. An cuimhin leat nuair
a bhí mise & tusa lá eigin aig siúbhal a¬
mach ó bhaile Chorcaigh, & dubhrais go m-
budh mhaith leat snámh; a's 'nuair bhí sinn-
