AN GAODHAL
387
AN SMÓLACH.
Leis an nGabhar Donn.
Cá bh-fuair tú d'eolas glan, a éin?
Cá bh-fuair tú do mhór bhinneas?
Atáir chómh súgach, lán de sheun
Ní 'l beul faoi 'n ngréin a sheinneas
Tá leath chómh sulthmhar, soilbhir, grinn,
Ní spiorad fraochamhuil, fuar thú;
Atáir chómh greannmhar, glórmhar, glinn
Ní anam duaibhreach, dúr thú.
Do fuaras iad ó Dhia na n-dúl,
Do b' É thug dam mo shuairceas
Go seinnidh mé gach uair go h-umhal
A mholadh mór gan duairceas.
Is binn gach clúid am' aice, óir
Síor-chluinidh siad mo ghuth-sa
'S gídh tá 'n macalla ar mo thóir —
Ní bhéarfaidh sé ar mo luas-sa.
Ó mhaidin ghil go hoídhche sháimh
Bídhim 'seinim, 'seinim, 'seinim,
'Gus sgapaim áthas ar gach láimh,
Óir 's binn an ceol a chluinim
Ó 'n nádúir féin a labhras liom,
Faoi 'n g-crann os cionn an t-srutha;
Ach! tá mo chroidhe de shuairceas trom
Gídh beag é meud mo chrutha.
Ní thig liom bheith am' thost, óir chuir
An nádúir orm-sa éigean
Mo cheol do thabhairt go g-cluinidh fir
'S gach uile nídh do thréigean
Air son an cheoil shaimh shúgaigh seo
A tháinic dam ó 'n bh-flaitheas —
Ó Dhia na saoirse, Dhia na m-beo;
Budh mhór gan gó a mhaitheas!
Nuair tá an samhradh glórmhar ann,
'S na mágha lán de bhláthaibh,
Tigeann na páisdidhe faoi mo chrann,
D' a súgradh faoi mo sgáthaibh,
A's cluinim ceol a ngóthann n-óg.
Ní 'l ceol faoi neamh is milse
Ná fuaim ro-thaithneamhach a b-póg;
'S ní 'l am nó uair is dilse.
Gach nóin bhreágh cluinim ceol na m-bheach
Nuair táid ag cruinniughadh meala;
