388
AN GAODHAL
A bhaile leo — nach mór an chreach
Tá 'ca faoi speurthaibh geala!
Nuair chluinim-se a n-dordán suairc,
Ó bhláth go bláth ag gluasacht
Cuirim an ghruaim óm' chroidhe dúr, duairc,
Samh-shult mo chroidhe do dhúsacht.
Tá cuimhne agam ar an nglóir
Bhí fad ó shoin 's an tír seo,
Nuair bhí sí saor, sólásach, mór
Tre neart a's brigh a saoirse.
Roimh tháinic dí an Lochlannach
Le neart an tír do mhilleadh;
Roimh tháinic dí an Sacsanach
Le ceilg a's meabhal deich míle.
Ó 'n lá sin gus an lá a n-diú
Tá Éire díl ag caoineadh
An chlaochlóidh tháinic ar a cruth,
A's cailleamhna a daoineadh,
Óir táid ag triall, ag triall, ag triall,
Thar thonntaibh mór' na mara,
A bh-fad, bh-fad ó n-a g-cáirdibh gaoil,
A bh-fad, bh-fad ó gach cara.
'Náit bhí na daoine líonmhar, tiúgh,
'Náit bhí siad sásta, seunmhar,
Tá fásach faon le fagháil a n-diú,
Ní 'l ann acht daoine leunmhar.
'Náit bhí na páistidhe óga, trá,
Ag rith, ag snámh, ag cathughadh,
Ní 'l fuaim ar bíth le clos gach lá
Acht toit mór balbh gan beatha.
Acht seinnim ceol ar feadh an lae,
Ceol binn a mhúin an t-saoirse
Dham nuair bhí agam óige bhaoth,
A's sólás mór 's an tír seo.
Óir tiocfaidh saoirse féin arís
D' ar d-tir ó láimh ar nDé-ne;
Seinnim go dóthchusach anois
Faoi thaithneamh mór na gréine.
A's cuirim-se ar g-cúl mo bhrón,
A's cuirim díom mo dhólás,
Gídh tá am' thimchioll gach a leon
Mo chroidhe, 'sa mhill mo shólás.
'Nuair smaoinim ar an am atá
Ag teacht, lá breágh ár d-tíre,
'N a m-béidh sí glórmhar, glégeal, breágh,
Faoi smigeadh saoirse fíre.
