"is naomhtha 'n cúram é, cúram teangadh na tíre."
Fuaras an dán a leanas ó 'n g-Craoibhín Aoibhinn. 'Sé
Mártan P. Mac-an-Bháird, San Francisco, do chuir chuige é.
“The care of the National Language is a Sacred trust." —SCHLEGEL.
"No Language, no Nation,” — Dutch saying.
AN SÚISÍN BÁN.
Fonn — Síos go Sligeach
Budh shíos a Sligeach do chuir mé eolas ar na mnáibh,
'Gus shuas i nGaillibh d' ól mé leo mo sháith,
Dar bhrigh mo bhaisdigh mar leigfear dam-sa seal mar táim
Deunfad cleas a chuirfeas buaidhreadh ar a lán'
Righne mé cleas i d-tigh uí Dhómhnaill a réir,
'Gus an dara cleas i d-tigh uí Raghailligh le n-a thaobh,
An tríomhadh cleas ní maith dham admhughadh inn mo sgeul,
Acht ní mealltar bean go g-caithtear bodhlacht léi.
Budh ait liom bean d'fhanfadh bliadhain le n-a grádh,
Budh ait liom bean d'fhanfadh bliadhain eile mar tá,
Níor b'ait liom bean bheoch leat-sa 's liom-sa rís ar ball,
Acht mo ghrádh an bhean d'fhanfadh ar aon stáid amháin.
A Mháire a thaisge 's tú 'n bhean 's ansa liom 'sa t-saoghal,
'S gur thug tú 'n sgéimh ó mhnáibh do chineadh uile go léir,
'S gur fág tú mise ag sileadh na súl go dúbhach ad' dhiaigh,
'S gurab í 'n uaigh mo leabadh anois ó d'fhág tú mé.
Tá mo cheann dubh liath, 's á Dhia cia 'n náire dam é,
Ní bheathuigheann na briathra gan biadh na bráithre féin,
Táim ad' dhiaigh le bliadhain, go fóil ní'l d'fhághail agam féin,
'Gus gur cosamhuil le h-iasg a n-diaigh na h-árthaigh mé.
Dá m-beidheadh spré ag a g-cat is maith a pósaidhe é,
Acht faraor ní'l nó ag an té budh chóra é,
Tá inghean na caillidhe gubaighe dubhbuighe póstadh ó réir,
'Gus mo chailín deas gan fios cé d'iarrfadh í.
"Cad é 'n cath mara * chas 'san áit i d-taobh leo mé,
'Gus liachdaidhe cailín deas i d' fhág mé ann mo dhiaigh?
Nuair thainic mé 'steach 'sa teach i rabh grádh geal mo chléibh
Chuir an chailleach amach le casadh an t-súgáin mé.
Má bhidheann tú liom, bí liom de ló 'gus d' oidhch',
Má bhídheann tú liom, bi liom a g-cómhnuidhe 'gus a choidhch',
Má bhíonn tú liom, a's gur liom gach orlach ann do chroidhe;
Acht mo leun 'smo lom ní liom Dia Domhnaigh grádh mo chroidhe.
Threabhfainn, d'fhuirseochainn, 'gus chuirfinn síol 'san g-cré,
'Gus sheolfainn ba ar an smealtradh is milse feur,
Chuirfinn crúdh faoi an each is deise shiúbhal talamh i riamh,
'Gus d'eolóch' bean le fear nach n-deunfadh 'n méid sin féin,
Máirtín P. Mac-an-Bháird.
Cathair Naoimh Phroinsiais, Deire 'n Fhóghmhair, 1893.
A stranded cat, an expression still used in West Connaught for straying.
"Shíos i Sligeach
chuisle
b-furas domsa aithne ar
