398
AN GAODHAL
teasdail uadh." Mar sin a dubhairt,
"Scuir ód' fhóirgneadh tíghe, & goirféar
'Sgoilteór carraige' ort."
Bhí an fear sásta. Mar so imshiubh¬
ladar ar aghaidh an tríur & gí be áit
do chuadar rith na beithighe fiadhana i n-
uabhás as a g-cosán.
Feasgar n-aon dhearc siad rómpa
sean chaisleán tréigthe, air áirde. Do
chuadar suas, & ar teachd dóibh
asteach san alla, léigeadar síos iad
féin chum codladh. Air mhaidin amárach
chuaidh Hans amach san ngáirdín, do bhí
anois mar fhásach, lán de sgeachaibh &
driseógaibh, & d'éirigh go prap muc fhia¬
dhán air d'a ionsuidhe, acht thóg Hans a
bhata, gur léig marbh í d'aon bhuille faoi
n-a chosaibh. Do thóg Hans an mhuc air
a ghualann, a's d'iomchar gus an cais¬
leán í. Rósdadar cuid de'n fheoil chum
prionn, & do chaitheadar iad féin go sú¬
bhach, sásta gur raibh aca biadh go leor
air seal. 'Néis seo, d'daontuigheadar
eadrainn féin gur rachfadh dhá díobh le
sealgaradh gach lá, a's go bhfanfadh aon
duine díobh a bhaile le séire do bhruigheadh.
An chéad lá d'fhan an "Castach-ghiubh¬
ais" san chaisleán mar chuaidh Hans &
"Sgolltóir cairge" le sealgaradh. An
uair bhí an Castach-giúbhais san m-biadh¬
achlan go gnothach ag bruigheadh, tháinic
sean fhear beag críon a's d'iarr sé
feoil. "Léig leat, a thruaghain bhig ní
gheóbhaidh tú feoil uaim." Do'n uathbhás
de Chastach-ghiubhais léim an sean fhear
beag suarach air, sul go choisgfeadh é,
gur bhuail go h-olc sin é le n-a dhorn,
gur thuit sé do'n talamh a lag anál, &
níor d'imthigh an fear beag amach gur
dhóirt sé a lán chúthaich air. An uair
do chas abhaile an bheirt eile níor innis
sé dóibh de'n fhear bheg, no do'n bhuala do
thug sé dhó. Do smuain sé, "Nuair fan¬
fadh siad abhaile is eigin dóibh a d-tuis¬
leadh fhághail leis an d-truaighín beg,
mar misi.' Agus thug an smuaine
taithneamh mór dhó
Lá ar na mhárach d'fhan an Sgoilteóir
chairge a bhaile & tháinic an cuairteór
ceudna i láthair. Nuair fuair sé gur
seunadh an fheóil arís, d'ionsuidh an
Sgoilteoir-chairge a modh ceudna, gur
bhuail 's gur shárthuigh é mar righne sé
do'n eile Fá dheireadh tháinic an lá do
Hans le fanachd a bhaile, & gidh gur aith¬
in an bheirt eile an nidh dob eigin dó a
fhulaing, d'fhan an dís 'nna d-tost, óir
smuain siad gur chóir go "m-blaisfeadh
Hans an t-anbruith mar an g-ceudna
mar iad féin.
Bhí Hans 'san m-biadh-achlann go gnóthach
ag ollmhughadh proinn gan súil ar chuair¬
teóraibh. Do láthair do shiúbhal asteach
an fear beag, a's d'iarr píos feola.
"Is ocrach é an truaighín bhocht," do
smuain Hans, "tabharfad mo rann dhó,
ionnus nach m-béidh mo chomh-luchd faoi
easbaidh."
Mar so thug Hans píos feola dhó & cho
luath a's do shluig an abhach é, d'iarr sé
air píos eile & thug Hans go fial é an
dara feachd, & a dubhairt, "Is píos ál¬
uinn sud, & is éigin duit a bheith sásta
leis." Acht d'iarr an t-abhac air treas
píos & an uair do shéan Hans, bhí an
truaighín beg, olc, ar tí le léimeadh air
d'a thrachdadh mar thracht sé an bheirt
eile, ach bhí sé ar dearmad an uair seo.
Thug Hans dhó gan mórán dithchille dhá
ghearradh cruaidh gur rith sé síos air
chéimibh an chaisleáin i sgemhle & fritheag¬
la.
Do lean Hans cho luath é gur thuisligh
's gur thuit sé ar modh gur chaill sé am
& bhí an t-abhac go fada uaidh 'nuair d'
éirigh sé. Achd cheana lean Hans go luath
é arís gur dhearc é ag tuirling in
uaimh charraigeach, & iar g-comharthadh an
áit go cúramach, do chas sé abhaile.
Bhí uathbhás mór ar an m-beirt eile
nuair rangadar an caisleán, d'fheicsin
Hans slán 's gan urchóid. Acht d'innis
sé dóibh a tharla dhó, & ní faide fheud
siad cuairt an abhaic do cheilt, agus
an mó air ar thráchd sé iad. Do thíbh¬
righ Hans, & dubhairt, "Is ceart a thár¬
la dhaoibh, ní chóir daoibh a bheith cho grua¬
mach uim bhur bh feoil, achd is nidh ro olc
é, i bualadh na ngiollaidh móra mar sibh
féin le n-abhach. Gidh, chinneadar go h-uile
an truaighin bheg do smachdughadh, mar
d'aithin siad anois áit ann a raibh sé
