AN GAODHAL.
399
le faghail.
Mar sin do ghlacadar cliabh mór, &
rópadh láidir, & do chuadar do'n chuas
ionar thuirling an t-abhach. Ligeadar
síos Hans ar d-tús insan chliabh le n-a
bhata trom, & an uair do ráinic in íoch¬
dar, dhearc sé dorus noch a d'fhoscail
sé, & i g-cineal seomra maighdean óg,
sgiamhach, níos sgiamhaighe 'ná ar dhearch
Hans ariamh, & i bh-fogus dí an t-abhac
ag dranntadh faoi mar apa.
Bhí an mhaighdean óg bhocht ceangailte
le cuibhreach, & dhearc sí air Hans cho
brónach gur móthuigheadh é le truaigh ar
a son, & a dubhairt,
"Is éigin dom í shaorthadh ó chumhachd
an truaighín oilc so."
D'iompuidh sé go luath, & d'aon bhéim
d'a bhata siubhalta, do léig marbh ar an
talamh é. Fá chéadóir do thuit na cuibh¬
reacha ó'n maighdean, agts luaghaireadh
Hans le n-a sgéimh.
D'innis sí dhó gurab maighdean ríoghamh¬
ail í, do bhí goidthe ó n-a baile le iarla
meangach do rinn bráigh dhí in san uaimh
charraigeach so faoi choimhéad an abhaic
uirthi, noch shárthuigh 's do phianuidh go
míothrócarach í.
Air chlos so dhó, do chuir ann san g-
chliabh í, & do gháir ar a chompánaibh í
tharaing suas. Tháinic an cliabh anuas
aris, achd níor thaobh Hans 'nna chomh-
thaisdiolaidhibh go h-iomlán. "Oir,'
smuain sé, "rabhadar fallsa cheana, gan
inseadh dom ar chuairtibh an abhaic, &
cia aithnighidh nach bh-fuil miorún am'
aghaidh aca."
Mar sin de chuir sé throm-bhata ins an
g-cliabh, & ba shónuidhe é dhó féin gur rinn
é, óir 'nuair bhí an cliabh leath-chaoi suas
ligeadar síos an rópadh, & dá mbeidh¬
eadh Hans 'na shuidhe ann da ríribh, is
deimhin go sgóirfídhe i míribh é. Gidheadh
ba dochar brónach dhó é do theachd amach
as an áit dhoimhin úd, & smuaineadh sé
mar dob fhéidir leis, níor thaisbeán
ealogh dhó.
"Is deacair é," dubhairt sé leis féin,
"d' aithin gur b'éigin dom fanachd anso
le bheith gortuighthe."
Acht mar do sheachrán sé asteach 's
amach, tháinic sé arís do sheomra iona
raibh maighdean óg 'na suidhe, & dhearc
sé ar mheur an abhaic mhairbh fáinne
drithleach, soillseach. Tharraing sé an
fáinne amach, & chuir sé é ar a mheur
féin, & mar do chas timchioll é, go prap,
chluin sé fhothrom 'ritheadh ós a cheann.
D'fheuch sé suas, & dhearc sé spíoraid
an aeir tairis, adubhairt dhó gur budh é
fodhantuidhe dhó, & d'iarr air, cad iad
a bhí a aitheanta.
Bhí mearuighthe Hans ar d-tús, achd
ag rádh gur main leis a bheith taraingthe
ar an uaigh úd, i móimid do géilleadh
é; dar leis gur eitil sé. Anuair ráin¬
ic an uachdar ní raibh a chompáinighe le
faghail, & ar teachd dó do'n sean chais¬
leán, do fuair sé folamh é Do chuaidh
amach an Castach-giubhais & an Sgoilt¬
eoir-cainge & rugadar an mhaighdean
sgiamhach amach leo.
Do láthair chas Hans a fháinne ar a
mheur, thaisbeán spioraid an aeir dhó,
a d'innis dhó go raibh a dhá chompánach
ar an bh-fairge. Rith Hans le luas is
mó síos do'n tráigh na fairge, & anuair
ráinic sé do'n tráigh, dhearc sé bád a
gcian, iona raibh a chompánighe fallsa, a
bhí ag rámh amach cho luath a's dob fhéid¬
ir leo, Ann a chúthach, & gan smuaineadh,
léim sé 'san uisge, ag breith fós a bhat¬
a trom, achd do tharaing síos tomhas a
bhata é, & bhí ar tí le báthadh 'nuair do
smuain sé ar an bh-fáinne. Do chas tim¬
cioll arís é, & thaisbeán spioraid an
aeir dhó, a d'iomchar le luas na tein¬
trighe é do'n m-bád. Léim sé asteach
'san m-bád & le dó no trí bhéimibh a
bhata thug dóibh an duais do thuill siad,
& do theilg san uisge iad.
Ramh sé amach cho luath a's dob fhéid¬
ir leis leis an bhain-fhlaith sgannruighthe,
dar shábháil sé fá dhó, & ar teachd do'n
tráigh dó rug abhaile í fá cheudóir d'a
h-athair & d'a máthair, do bhí lán de á¬
thas ag a faghail beo & slán
Do phós Hans an bhainflaith, & do mhair
sé do shíor tar éis sin i sónas is mó -
Críoch.
Send a Dollar for the Gael
