400.
AN GAODHAL.
TEANGA EISÉIRIGHE na hÉIREANN.
Leis an nGabhar Donn.
"Is cóir dom féin mo thír do ghrádhughadh
"Os cionn gach uile thíre faoi neamh."
Och! feuch ar shean-Éirinn — faraor! tá sí cráidhte,
Gan neart in a lámhaibh, gan dóthchus 'n a croídhe.
Gan cara, gan arm, ó n-a ceart tá sí sáithte —
Tá a cláirseach go taoi ins an g-creafóg ag luidhe.
Tá dorchadus dubh 'nois 'n a spéir a's tá dólás
Ag líonadh gach croídhe le h-eudóthchus a's brón ;
Ní'l splanc soluis ann 'nois a thiúbhradh dí sólás,
Is brónach a's tuirseach a fad-ullagón.
Tá tonnta a mara ag géimniughadh go brónach;
Tá gaoithe a coillte ag osnaigheal a choídh';
Tá srutháin a sléibhteadh ag dranntughadh go gruamach;
Tá croídhthe a daoineadh ag briseadh astigh.
Tá neulta mar bhrat-bhróin ag folughadh a speurthadh,
Dubh, gráin, agus tiugh ar an d-talamh a luidhe,
Faoi bhrón mór a's doilgheas tá 'r d-tír dhílis, Éire,
Ag síor-ghul a cúise 's ag briseadh a croídhe.
Ní'l caint in a beul acht caint cham a sgriostóiridh
Óir chaill sí an Ghaedheilg go leisgeamhail fad ó ;
'S nuair iarrann si cobhair air a sean-chobharthóiribh
Is magadh a dheunann siad fúithi gan gó.
Má iarrann tú 'n t-ádhbhar — a déirim, 's ní'l breug ann,
Mar gheall ar an mímheas a bh-fuair sí, an t-am
Bhí cáirde a brollaigh go meata d' a tréigean,
Nuair nach raibh geal-shaoirse le fagháil ag a dream.
Do mhasluigh siad í gidh go raibh siad a cáirde —
'S 'nois masluigheann a náimhide go tarchuisneach í?
An iongantach sin? — Tá 'n lámh láidir i n-áirde,
Lámh láidir an tSacsanaigh, d' ar g-ceusadh a choídh'.
'S anois tá ar n-daoine gan anam a's meisneach,
Geal-theanga ar n-dúthchais a shábháil ó 'n m-bás;
Ar d-teanga — Ach! dúisgídh, ná bídhidh chómh leisgeach,
Aithbheóghuidh an lóchrann 'n ar measg-ne gan spás.
Aithbheodhuigh an lóchrann a thug do shean Éirinn
Clú, onóir a's meas 'measg na n-dúithcheadh fad ó,
An lóchrann is cosamhuil le gréin ghil na spéire
A sgapas a glóir ar gach taoibh dí go deo.
