AN GAODHAL
401
Cá h-uair m-béidh ár dteanga mar thaitneamh na gréine
Ag sgapadh a sóláis 'n ar d-timchioll gach lá,
'S ar n-daoine d'a labhairt, — caint naomhtha ar nDé-ne,
Ag líonadh le ceol binn ar g-croídhthe go bráth.
No go labhramaoid í ní bhéidh meas orruinn choídhche
'Measg daoineadh an domhain tá d'ar m-breathnughadh
[anois,
Béidh ar d-tír dhil, sean Éire, mar "leanbhán 's an oídhche
"Ag gul ar an t-solus," no mar "fáigh tá gan fis."
Óir muna bh-fuil meas orruinn féin ins an am seo,
Ní bhéidh meas orruinn féin measg na náisiún go deo,
Óir déirfid — is daoine míochródha an dream seo
Ní fiú iad 'n a náisiún 'n ar measg-ne bheith beo.
Táir claoidhte a's cráidhte a's brúidhte sean Éire
Faoi chosaibh do námhad, an t-Sacsanaigh chaim,
Acht, A! ma raibh 'lonnradh ort lóchrann do spéire —
An t-saoirse — béidh dóchusach, meisneamhail do dhream
Acht sguirfead-sa nois ó mo chaoineadh, ní'l féidhm ann,
Ní marbh tusa fós gidh go bh-fuilir 'do luidhe;
Éireóchair go glórmhar i g-culaidh gan béim ann
A's geubhaidh tú buaidh ar do námhaid le d' bhrígh.
Táim cinnte go m-beidh teanga Éireann d'a labhairt linn,
'S go ruaigfear an Beurla as Éirinn go deó.
Ní'l neach ann acht sinn féin ar saoirse do thabhairt dúinn,
'S is cóir linn ár n-díthchioll do dheunadh gan gó.
AN CAILÍN DEAS RÍOGHAMHAÍL.
le A. Mulalla.
Tá Cailín deas ríoghamhail le pósadh i Sasanaigh,
'S go cinnte béidh ádh ar an m-buachaill a gheobhfas i,
Béidh sí cineálta, claonmar, ceighfeasach, cuingbhealach,
'S réidhteochaidh sí biadh uile lá san am fhoileamhnach;
Thainic máithreacha rómhaimpi a rabh fios a n-gnóth' acu,
Bhídheadar tíoghbhusach, críonna — go deimhin tá 'bhail orthu,
Le n-a n-ingheanaibh óga bhí siad árdalach, fad-cheannach,
Ag deunadh dóibh cleamhnais le impírighibh borbhulach.
Seinn — Tá cailín deas ríoghamhail le pósadh i Sasanaigh,
'S béidh sgiorta de 'n ádh ar an stócach a gheobhfas í,
A d-taobh bisighe as líonradh léir dúithcheas ní theipidh sí,
As ní bhéidh ganntan tuiseadh i n-aon am i Sasanaigh.
Ní'l dada le rádh le roinn d'a sean aithreachaibh,
Acht go m-bídís ag sgriostha ar chuantaibh na fairrge,
'S ag achtughadh dlighe geur ar shuidhthibh báid umartha,
Ag cruinniughadh cís ar righthibh borbacha,
