402
AN GAODHAL
Do bhuailidís talamh an t-am shéidfeadh an garbhachan,
Ag fághail beatha saor gan buidheachas gan airgead,
Ach ó dhíbir Bóróimhe as Éirinn na Lochlainnidhe,
Ní rabh grádh acu ar Ghaoghail, as cia thóigfeadh orthu é.
Seinn, ⁊c.
Thainic athair h athar as státa san nGearmain,
A's ní rabh leis do mhaoin ach adharc cheoil a's as agán,
Chuaidh sé i g-cleamhnas le bunadh bhí ádhamhuil, ainmnamhail
A's phós sé bean óg a fuair spré anchuimseamhuil
Righ-phrionna d'a shinsir a dhíol saighdiúirighe i Sasanaigh,
Mar bheidhtheá díol caorach lá aonaigh nó maragaigh;
'Nois air aon taobh ní 'l náire, sgáth, nó aithreachas,
Oir sin é 'n chaoi 'r thárla 'n grádh 's an caradas.
Seinn, ⁊c.
Air ais ag an g-cleamhnas, cia 'n fear a gheobhfas í?
Tá ceannfuirt na g-Comain, a deir siad, a brath uirre,
Thiocfadh mío-ádh do 'n coróin dá b-pósadh sí eachtran,
'S sin é 'n t-ádh buan do fhear bocht san nGearmain.
An lá pósfar an lánamhain béidh luthgháir 'sna caithreacha,
Béidh an t-arm-dearg a triall le h-uile ghleus n ai bhtha ;
Béidh fir séide ceoil air dhithchioll a n-anmana,
'S béidh sluaighte ar na sráidibh a béicighil 'sa glamara.
Seinn, ⁊c.
Dob ait liom dá mbéidhinn ag an m-banfheis am' chlamasa,
Ag éisteach le mnáibh a chur síos dóigh a maranna:
Déarthaidh bean ruadh, "nach mífear an t-amharc í,
Ní fhacaidh mé riamh a ceirteacha 'gceart uirri;'
Déarthuidh bean bhán, "Ní'l ainti ach leibide,
'S béidh aithbheul a sháith ar an bh-fear atá ceangailte,"
Ach déarthuidh an bhean dhonn. "Ceurd í ach geárrchaile,
Cho d-tig sí an aois is aoibhinn a cuideachda
Seinn, ⁊c.
Gan amhrus tá ciall mhaith ag ceannfurtaibh Éireannaigh,
'S ní bheidh siad ag eud faoi inghean righ Shasanaigh,
Óir is dóigh liom gur léighidh siad ar thuisibh 's ridiribh,
'San chaoi m-buailidís cleamhnas san am ársa 'r impíribh.
'Nois ní rabh dham ach fán dhul cho fad siarr sa t-seanchus,
Is é an fear atá gheobhfas congnamh ó an t-Sasanach,
Arís ní'l sé ádhmhuil do Ghaeil fághail suaidhte gnótha ban,
'Gus fágaim an cleamhnas eidir Briotain 's Alabain
Seinn — Tá cailín deas ríoghamhuil le pósadh i Sasanaigh,
'S béidh sgiorta de'n ádh ar an stócach a gheobhfas í
A d-taobh bisighe as líonradh léir dúithcheas ní theipidh sí,
As ní bhéidh ganntan tuiseadh i n-aon am i Sasanaigh.
