(11)
10Mhadh Rol. Uimh. 11.
DEICHMHÍ
1894.
AN DREOILÍN.
(Ó Shiams an Gheimhridh.)
'San t-sean aimsir, do bhí cruinniugh-
adh ag eunlaith an aeir ⁊ do chinneadar
ar righ do bheith os a g-cionn Dúbhradh-
ar cia ar bith eun b' áirde d' eitleoch-
adh gur b'é bheidheadh 'na righ orra. An
uair i chualaidh an Dreoilín é sin, d'im-
thigh leis ⁊ cuir sé é fhéin i bh-folach faoi
Sgiathán
an iolraigh Mar bhí sé beag budh fhuras
folach a chur air, ⁊ mar bhí sé éadtrom
níor airigh an t-iolrach a mheádhachan.
Chuadar go h-uile ag eitleadh, ach budh é
an t-iolrach budh áirde chuaidh. Ann sin
sgread sé amach ⁊ dúbhairt, "Is mise
righ na n-eun." Níor leis an Dreoilín
b'fhaillighe; d'eitil sé amach ó sgiathán
an iolraigh, ⁊ mar nár fheud an t-iolrach
do dhul níos áirde, óir bhí sé tuirseach,
sáruighthe, chuaidh sé suas níos áirde ná
an t-iolrach, ⁊ dubhairt, "Ní thusa acht
mise righ na n-eun." Agus ó 'n lá sin
goirtear righ na n-eun ar an Dreoilin.
'Nuair i bhidheas an t-aos óg ag dul
thart leis Lá'l Steapháin, is gnáthach leo
an rann do leanas a rádh. Áit ar bith
nach bh-fuil eolas ar an Gaodhailge ab-
ruigheann siad ráiméis Beurla, ach ní'l
sé g-comórtas leis an rann a deirtear
san Gaodhailge: —
A dhreoilín, dreoilín, righ na n-eun,
Is mór do mhuirighin, is beag thú fhéin.
Eirigh suas a bean an tighe
A's tabhair dhúinn ubh na circe buidhe
Atá shiar i d-tóin an tighe.
Chualaidh sionnach go rabh an Dreoilín
'n a righ ⁊ dubhairt sé leis fhéin, "O thár-
la go bh-fuil mise ag marbhadh eun, ní
stadfaidh mé nó go marbhóchad an rí.'
D'imthigh leis, ⁊ bhí sé ag imtheacht gur
casadh nead Dreoilín leis. D'fhiafraidh
sé, an rabh an rí aca ann sin. D'fhreag¬
