air an sean-Dreoilín, & dubhairt sé go
rabh. D'fhiafruigh sé de 'n t-sionnach cia
'n gnó bhí aige de 'n rí. "Tá," ars an
sionnach, "go marbhóchaidh mé é." "Mais¬
eadh," ars an Dreoilín, "an ndeunthá
slad ar a chlann?" "Ní dheunfainn, ar
an sionnach. "Tá go maith," ars an
Dreoilín. "Druid aníos leis an neid."
Chomh fad' a's bhí an sionnach ag druid¬
im aníos dubhairt an sean-Dreoilín,
"tre n-a chéile, a chlann, tre na chéile,
a chlann" Chuir an sionnach a cheann as
teach san neid, ach taréis dearcadh go
grinn orra, dubhairt, "Ní aithnighim cia
agaibh an rí." Agus d'imthigh leis gan
díobháil do dheunadh do an Dreoilín
nó d'a chuid cloinne.
AN LIOPREACHÁN.
(Ó Shiams an Gheimhrigh.)
Ins an t-sean-aimsir, sul do lobh na
fataidhe, — an rud do dhíbir ar fud an
domhain muinntir na h-Éireann, agus a
choisg gach h-uile shean-ghnás & gach siam¬
sa bhí aca & do chleachtaidh a seacht sin¬
sear — ins 'san am sin bhí fear ag siubh¬
al leis féin thríd a chuid talmhan lá aith¬
righe le bánughadh 'n lae, & ceurd a chon¬
naic sé uaidh ach loipreachán, agus é 'na
chodladh ar thuláinín deas feurmhair do
bhí air aghaidh. Rith sé air, rug sé air &
thug fé leis a bhaile é. Shaoil sé airgead
fhághail uaidh, & 'nuair nach rabh sé dh'a
fághail cheangail sé go dlúth, docht é, &
do chuir sé 'san g-cómhra faoi ghlas é, &
bhí mar sin go cheann seacht 'm bliadhna
Faoi cheann seacht m-bliadhna 'na dhiaigh
sin do bhí 'n fear ceudna ag siúbhal le
ciumhais na fairge lá amháin, gur casadh
sail dhó 'Nuair i tháinic sé abhaile d'inn¬
is sé dhóibh mar do fuair sé 'n t-sail, &
leis sin do thosaigh an loipreachán i gáire
istigh 'san g-cómhra. Níor chuir fear an
tighe ceist nó cómhrádh air cia 'n fáth bhí
leis an an gáire.
Bhí go maith; do chongbhaigh sé ar feadh
seacht m-bladhan eile é gan greim, gan
deoch. Faoi dheire an ama sin tháinic
fear-siúbhail isteach 'san teach lá amháin
nach rabh an loipreachán 'san g-cómhra;
bhí biadh gleusua, & d'iarr fear an tighe
ar an bh-fear bocht teannadh leis an m-
bord & greim bidh d'ithe. Ní dheunfadh
sé sin, & chuaidh sé amach arís gan blas
de 'n bhiadh a chathadh; &, mar do chuaidh
sé amach thair an tairsigh, rinne 'n loip¬
reachán gáire mór istigh. Níor chuir fear
an tighe aon t-suim' ins an ngáire seo,
in oiread leis an g-ceud gháire; & chong¬
bhuigh sé faoi ghlas é go ceann seacht m-
bliadhna eile.
I g-cinn an ama sin do chuaidh fear an
tighe in (chum) aonaigh do bhí i bh-fad uadh,
&, anuair i tháinic sé abhaile, is sé 'n
rud a chuala sé, an loipreachán a gáire
amach ins an g-cómhra istigh "Is sé seo
an tríomhadh gáire a rinne sé le bladh¬
ain a's fiche," arsa fear an tighe, "agus
beidh fios agam cia 'n fáth a bhí leo."
Chuaidh sé go d-tí 'n chómhra, & d'fhosgail
sé í. "A loipreacháin ghránna," ar sé,
"innis dham ar an toirt cia 'n fáth bhí
leis na trí gháiribh a rinne tú. Tá tú a-
agam le bliadhain a's fiche, 's ní dhear¬
nadh tú ach na trí gháire sin."
"B'fheárr duit fhéin gan an fáth chlois¬
tin," ars an loipreachán.
"Innis dham anois cé (cad) faoi a n-
deárna tú an gáire."
"Glac mo chómhairle," ars an loipreach¬
án, "tá go leor nidhtheadh a mb'fheárr
dhuit do bheith gan eolas ortha, mar deir
an sean-fhocal "an rud nach g-cluineann
an chluais, ní chuireann sé bhuairt ar an
g-croidhe." "Éist liom-sa anois, agus
leig dho do chuid cómhrádh; cia 'n fáth a
n-deárnadh tú gáire, nó diabhal as seo
i rachas tú go m-bainidh mé an cloigeann
díot." "Ná deun sin," ars an loipreach¬
án, "ach glac foighid, nó beidh aithmheul
ort" "Ní ghlacfaidh mé níos mó gab¬
saireacht uaitse," arsa fear an tighe;
& rug sé ar an loipreachán, & bhí sé ar
tí an ceann a chasadh dhe, mar chasthá 'n
cloigeann de dhreoilín.
"Fóil, fóil," ar an loipreachán, "is
feárr dham fáth & ádhbhar na d-trí n-
gárrtha d'innseacht ná mo cheann do
chailleamhain. Maise, 'sé 'n fáth bhí leis
an g-ceud gháire, — an t-sail do fuair
