AN GAODHAL.
411
OLLAMH ÉIGIN cct.
From MS in the Royal Library at Copenhagen, writ¬
ten in 1763 by Maurice O Gorman. Another version is
printed in Dr. Hyde's 'Amhráin Grádh Chúige Chonnacht,"
page 142, from which the variants are taken.
W. A. CRAIGIE.
Is mairg léigeas a rún le mnaoi,
Ní mar sin a bhíos na fir
Do budh chóir a g-cur ar gadh 1
A bhféagmhuis na mban so astigh.
As na mnáibh ge mór ar ndóigh
Is fada dhóibh ag dul re gaoith;
Is tearc neach nach meallan súd, 2
Is mairg léigeas a rún le mnaoi.
Iarla glic do bhí san Róimh
Ag a mbídís cuirn óir fa fhíon,
Ar mhnaoi an tighearna mhóir mhaith
Do chualas sgéal ait, mas fíor.
Lá da rabhadar araon
Taobh re taobh ar leabaidh chlúimh
Do léig air a bheith aig eug
Do chum bréag 3 do bhrath a rúin.
"Romham da bhfuightheá-sa bás
Ní chuirfinn a gcás mo chubhais féin. 4
Ar bhochtaibh Dé, leith fa leith
Do roinnfinn fa seach mo spréidh.
Do chuirfinn síoda agus sról
A gcómhra 5 fhairsing d' ór dearg
Timchioll do chuirp san uaigh."
Do rádha an bhean do smuain cealg.
Do chríochnughadh leis 6 an bhás
Do bhrath mna na malach seang;
A briathar nior chomhall sí,
Ar n-eug a fir éinní dar gheall.
Fuair le na cheannach 7 ar an tsráid
Tar éis a bháis, ger bheag a luach,
Dhá bhannlámh no trí do shac
Nach rainic ar fad a thona nuas.
Ar n-dearbhadh intinne a mhná
An t-iarla glic fa chás cruaidh,
D' fhiafraigh creud thug a chorp
Da chur rochdaighe annsan uaigh 8
Do ghabh sise leithsgeal géir
Nós na mban bhios le h-olc
Da saoradh air a fear féin,
An bhean nar ghabh géill do locht 9
Féach
Óró! an Lionn
Dubh Buidhe
Gaelic Journal.
Nos 42 + 138.
