413
AN GAODHAL
A shlanda chrú na nGaedheal fial
Na leig-se do thriath as do láimh,
Seachain ort peist na seacht g-ceann,
An Bhabilion mhillteach is a h-ál.
Mairtín, Seón is Belsibúb,
Triúr is lúbaighe shóir no shiar,
Crúcaidh lucifer na locht,
Seachan ort, a chrú na gcliar.
Is ísiol gotha na mórsruth mór,
Is árd gotha na mbeagsruth mbeag;
An mhairt is mó géim is greadáin
Is aice bhíos an bleaghan beag.
Ná pós bean as a asgéimh
Go bhfiosa tú go de a locht;
Na sanntaigh í as a beith dearg,
'S gur searbh blas na gcaora con.
phlanda chrogha
gradam?
ar?
?
caortha caorthainn
vide Seanfhocla
Uladh. l 298.
From MS. in Edinburgh Library.
Neach sin bhíos corrach do ghnáth,
Ionann gné dhó is don dris,
An tí sin nach bhfaighthear acht cearr
Foighdne is fearr a dheanamh leis.
Mur fhadadh teine fuidh loch
Mur tiormachadh clochan gcuan
Teagasg thabair ar mhnaoi bhuirb
Mur bhuille uird ar iaruinn fuar.
All the foregoing have been received from James
Craigie, Esqr., Public Library, Brechin, Scotland, and
were transcribed by his brother, W. A. Craigie, Esqr.
Respectfully addressed to M. P. Ward, Esqr.
1
Ár ngrádh tú choidhche, do ló 'gus d' oidhche,
A chroidhe na laoithe, na sgeol 'sna n-dán,
Ár g cara bhuan tú cé fad ó chuanta
Iar-Chonnacht uainn tú na m-binn abhran ;
'S tú an sár-fhear dúinne nár staon do ghlúine,
'S ná leigfeadh fúinne díthmheas do rádh —
'S tá grádh 'nar g-croidhe dhuit,
'S na mílte guidhe dhuit
Eidir eirighe 's luidhe dhuit, is gach uair de 'n ló.
2
A chroidhe na dílse 'sna na Gaedhilge mhílse,
'S tú scaipeann saoilse ár d-teangan chóir,
'S tú 'n saoi nár thréig í 'san bárd nár leig í
