(12)
10Mhadh Rol. Uimh. 12.
GIONBHAR.
1895.
Simpligheacht na Sean nDaoineadh.
'Nuair i castar linn Gearmánach, It
álach nó duine ar bith eile nach d-tuig-
eann an teanga a labhramaoid féin ab-
ramaoid ar an toirt nach bh-fuil ann ach
tuata aineolgach, gidh go m-beidheadh an
te sin 'na oide in a theanga féin; agus
ní'l aimhreas nach h-ionann a bharamhuil-
san iona 'r leith-ne. Sin é nós an t-
saoghail, agus caithfimid glacadh leis
mar bhuailtear orrainn é.
Timchioll deich m-bliadhna 's da fhichead
ó shoin bhí fear 'na chomhnuidhe ann aice
Bhaile-an-daingean, ar theorain condae
na Gaillimhe, darab ainm Marcus Ua
Dulláin. Bhí gabhaltas beag talmhan ag
Marcus, ach budh é a cheird seilbhéaracht,
agus gidh gur rabh sé an-fhóghluimte ní
rab aon fhear 'sa tír ní ba simplidhe ná
é. Le linn lobhtha na bh-fataidhe ní rabh
mórán seilbhéaracht le deunadh ag Mar-
cus de bhrigh nach rabh na feilméaraidhe
beaga 'nan con-acra chur nó cheannach, ⁊
b'éigin dó slighe eiciant fheuchaint le cíos
a ghabhaltais bhig a dheunadh amach ⁊ le n-a
mhuirín do chongbháil ó theach na m-bochd.
'San am air a bh-fuileamar a tráchd-
úghadh, budh ghnás le mórán de fhir-oibre
na h-áite 'dhul go Sacsanaigh i g-coinne
an Fhóghmhair a saorthughadh a g-cís ; ⁊
go coitcheanta bheidheadh brabach beag n-a
dhiaidh le eudach do chur ar na malraigh.
Teacht Lá Linn Seághain, an bhliadhian
áirighe seo, dubhairt Marcus leis féin
go rachfadh sé go Sacsanaigh in einfeacht
le n-a chómhursanaibh le beagán do shaor-
thúghadh leis an g-currán nó leis an speil,
nuair nach bh-feudfadh sé aon cheo fhágh-
ail le deunadh leis an slabhra.
Sul a d' imthigh sé d'ullamhaigh Eibhlín
[a bhean] péire stocaidhe olla dhó, do
chriotáil sí féin. Bhí na stocaidhe ro
[Continued] on page 423.]
