Trom Bhuillidhe do na E. P. E's,
Le Maitias Ua Guairiam, Boston.
Fonn — Seághan O'Duibhir an Ghleanna.
Adhramaoid Righ na bh-flaitheas, an té chothuigh neamh & talamh,
A shoillsuigh grian a's gealach agus na reulta anns an spéir,
Agus adhramaoid a mhac-san an te le grádh clann Ádhamha cheannacht,
A céasadh idir dhá ghaduidhe go h-árd air chrios na b-pian.
Adhramaoid an Tríothmhadh Pearsa Naoimh ó fhlaitheas,
An te neartuigh naoimh a's abstoil & beannuigh Eagluis Dé,
Molamaoid Bainrioghan ghlé na bh-flaitheas, díl reult gheal na mara,
Coimirca na b-peacach agus sláinte na g-cléir.
Nach suaire an sgeul le h-aithris ag gach Críostaigh a fuair baisdeadh,
Go bh-fuil seula ó Dhia air anam nach sgarfaidh leis go h-eug,
Agus crois Chriost, an crann seasta, ann gach rioghacht, gach tír 's gach baile,
Gan smuit, gan smál, gan sgamal ag fíor eaglais Dé;
Sin agus aingeala glé na bh-flaitheas d'ar d-treorughadh ar shlighe 'r leasa,
Ionnus go seachnóchamaoid an peacadh agus bealaighe cam an t-saoghail,
Óir tá 'n diabhal go lúthbhar, lúbhach, cleasach, borbach le gráin 's athais.
Ag sgeithe gaethe ó n-a thaisge faoi ghné an E. P. E.
Nach iomdha cladhaire meata fuair árd scoil agus deágh-theagasg,
Agus thug moide a bheith buan-sheasmhach go bráth do eaglais Dé,
Acht budh suarach fann a ngaisge ann rúd air uair an chatha,
Is obann a thuit siad i láibh an pheacadh, amhuil do chleacht a d-tús a saoghail.
Ach anois nach árd í uaill na namhus táid lán le siosma dall 's seachmall,
A ngeur bhruid ag mac na mallacht faoi riaghail an E. P. E,
Is é 's amhail súd uaill madradh conan na n-aithnigheann traebh no athair,
Acht iompuigheas airís an ainfios a d'fhág sé n-a dhiaigh.
Gach méirleach d'ar thréig an t-aifrionn agus a thug cúl do bheatha sagart,
A dhiúltaigh creideamh Pheadair agus a mhaslaigheas eaglais Dé,
As ucht drúis, míchliú agus sgannal, a bhris gach moide 's geallamh,
A sháltraigheann air órd a's air aibíd, & a d'iompuigh air an láimh chlí.
Nach buaidheartha, d'uailleach le dearca gnúis agus snóg an pheacaidh,
Nach ndeunann úghachd 's aithrighe sul d'fhágann sé an saoghal,
Agus an tráth bhéidheas an t-eug d'a thachtadh béidh deamhain ann súd ag faire,
Le súil seilbh d'fhaghail air anam in ainm an E. P. E
Gach cladhaire geilt agus amhus, gach giodharsach uaid a's amaid,
Gach caorthannach liath caillighe ná'r bheannuig Righ na ngrás,
Atá le breug, míchliú agus sgannall ag maslughadh rioghal 's órd na sagart,
Agus iad súd go léir faoi theagasg chreidimh seachráin Chlanna Gaill
Súd iad na nach n admhuigheann baisde, súd iad nach ndeunann aithrighe,
Súd iad atá deunadh mailís go síor agus do ghnáth,
Súd iad an sgéan gan anam atá ann aimhréidh ar shluaigh na marbh,
Agus nach nglacaidh Dir a n-anam go luan an lae bhráith.
