AN GAODHAL
423
leathar, leather, lhahur.
Translation.
The Town that was in Danger.
A town was in danger of being be¬
sieged, and a council was called to dis¬
cuss the best means of fortifying and
defending it. A Mason gave as his o¬
pinion that nothing but stone could se¬
cure the dominion. A Carpenter spoke
and said, that stone might do very
well, but that it was better by far to
defend it with oak. A Currier being
wiser than both these together, said
'Gentlemen, do as you please, there is
nothing like leather."
AN BHAIN-LEOIN.
Bhí buaidhreadh mór deunta ameasg
na mbeithigheach a d'fheudfadh do bheith ag
áidhbhéil as méid a g-cloinne. A's mar
sin do thangadar chuig an m-Bain-leoin,
"Agus cha mheud," a deir siad, "a bhidh¬
eas agad-sa ag gach breith ? " "Aon
cheann amháin," ar sis-se, go dordha,
"ach is Leon é."
Tagann cineál roimh áireamh.
Vocabulary.
buaidhreadh, commotion, booirah.
beithigheach, cattle, gen. plural, beheeuch
aidhbhéil, boast, boasting, aivale.
thangadar, they came. han-gadhur
breith, birth, breh.
ceann, head; one, kahunn.
dordha, grimly, dhurah.
cineál species, kinawl.
áireamh, enumerate, a-iruv.
chuig, to [as, to 'go to', chuig.
Translation.
THE LIONESS.
There was a great stir made among
all the beasts which could boast of the
largest family. So they came to the
Lioness. “And how many,” said they
"do you have at a birth?” "One,"
said she, grimly, "but that is a Lion."
Quality comes before quantity.
[Continued from front page.]
chúmhang dhó nuair chuir sé air iad, acht
dubhairt sé leis féin go sínfidís ar an
m-bealach. Bhí go maith. D' imthigh leis
Oidhch' Linn Seághain, in éinfeacht le n-a
chómhlucht. Shiúbhaladar air feadh na h-
oidhche agus lá'r na mhárach gan stadadh,
gan stopadh, agus nuair a chomhnuighea¬
dar leis an dara h-oidhche chur tharsta,
bí Marcus ro thuirseach le n- a chuid
eáduidh do bhaint dhé. 'Na dhiaidh sin d
at a chósaidh; ach leis an sgeul a ghiorr¬
ughadh, níor bhain Marcus na stocaidhe
dhe gur fhill sé abhaile, i g-cionn trí mhío¬
sa. Tar éis filleadh abhaile dhó, & caid¬
riughadh le n-a theaghlach, d' iarr sé air
Eibhlín na stocaidhe tharraint dhé, ach a
nuair i d'fheuch sí leis bhidhdar cho teann¬
ta la n-a loirgnibh a's dá m-beidís
fuaighte leo, agus gruaig a luirgne
fásta tríotha amach, i riochd go m-b'éig¬
in di an siosúr fhághail le n-a ngearradh
dhe 'na ngiotaidhe beaga buidhideach'.
Comhartha eile de shimplidheacht Mhar¬
cuis. — Bhí amadán san g-comhursanachd
darab ainm "Seághan Aorach." Ní rabh
aon ghangaid ann Seághan bochd níos mó
ná i leanbh na cíche. Bhí teach Mharcuis
air thaobh an bhóthair, & is cinnte nach n¬
deachaidh bochdán an t-slighe ariamh gan
lóisdin oidhche fhághail ann. Budh teach
maith cloiche bhí ag Marcus, & do bheith
in aice 'n anaigh, bhí teine mhór chlochmhón¬
a i g-cómhnuidhe air an teaghlach, & suidh¬
iste mór sócamhuil san g-clúid. Níor
gabh Seághan Aorach "le do chead" ariamh
air Mharcus nuair do chuaidh sé 'n beal¬
ach, ach ag chathadh a mhála san g-clúid &
d'a leigean fhéin síos go sócamhuil san
t-suidhisde, bhí a lóisdín tóigtheadh.
Ach thainic an t-am a rabh téarma
Sheághain caithte. Lá áirighthe d'ar thain¬
ic sé do bhreathnuigh Marcus nach rabh sé
go ro mhaith. Tar éis gnóthuigh 'n lae do
dheunadh thainic Marcus isteach & bhí
Seághan 'na suidhe san suidhiste cho dír¬
le dorubha, & a dhá shúil fosgailte. La¬
bhair Marcus leis ach níor bh-fuair sé
aon n-freagradh. "Maiseadh, a Sheágh¬
ain" a deir sé, "an a magadh fúm atá
tú?" & Seághan bocht fuar, marbh!
