424
AN GAODHAL
ABHRÁN NA h-ÉIREANN.
Focla le J. Ua Ruighín.
Fonn — "An Cailín d'Fhág mé mo dhiaigh.
Atharruighthe leis an taoiseach tírghrá¬
dhach, Caiptín Tomás D. de Norradh, de
'n Phílo-Celtigh an Eabraigh Nuaidhe.
O! d'fhás na laethe go faid na mbliadhan
A's na bliadhanta go h-aoisibh liath-ghlas,
Ó phóg na deortha air d-tús mo ghné,
A's o chaill mo ghlóire a soillseachd;
Acht fós tre eagla a's tre thrioblóid,
Nuair bhuail donas mé a's diachair,
Do mhair astigh am' chroidhe, gan tómhas,
Dóthchus riamh nár thréig mé.
Gidh brúighte tinn le h-olc na n-diabhal,
Go h-éadóthchus anois seolta,
Gidh riaghluigh dorchachd os ar g-cionn,
'S gan splanc ó neamh d'ar d'treorachd;
An mhuinighin bhí beo am' ucht gan sgíth,
A's do chosain mé 'na h-aonar,
Chum gur sona bheidhinn 'san am atá ag teacht,
Faoi mhórán meas' a's treunais.
Gidh brúidhte síos faoi ualach bróin,
Do sheas mé i g-cómhnuidhe fógrach,
Díreach, dána, an aghaidh mo námhaid,
A's ní mar dhéarcóir suarach;
Go síorruidhe d' éiligh mé mo cheart,
Air mhágh a troid 's a seanaid,
'S gidh gur claoidheadh mé ins an g-cath,
Gheobhad é nó an bás in ionad!
Am' anam braithim é go fíor!
Labhartar é mór-d-timchioll,
Gur geárr go m-béidh an báire liom,
'San t-aintighearna, do ruag mé, caillte
An Fleasg arís air mo cheann mar bhí,
Ann aimsir mhaith na saoirse,
A's ní bhéidh air tír ná in ifrionn shíos,
Neart mé chur i n-daoirse!
Inis Bhreágh Áluin na Mara.
Innis bhreágh áluin mo thír',
Smig os cionn mala na mara,
Ní éagfaidh do chuimhne ó 'm chroidhe,
Ní thréigfidh do bhinn phort do chara
Tar bárr do ghleannta 's do shléibhte,
Síos cois d' abhainne 's do shrutha,
Am' ghríosugh'd le gaoth bholadh na mbláth;
