426
AN GAODHAL.
Do dheunfainn seachrán tré mo bheatha.
Cóimhsheinm.
A shean tír na bh-fíor 's na d-treun,
A áitreabh mo mhian a's mo rógha,
Tobar an t-súbhachais gan srian,
Innis breágh, áluin na mara!
Tobar an t-súbhachais gan srian,
Innis breágh, Innis breágh, áluin na
mara.
Ba ghnáth air do phoirt sligéadh grinn,
Tráthnóna go bh-fuighthidhe mé ag síne,
Ag aisling air óigeachd mo shaoghail,
Mar a m-bíodh an teach-soluis ag
soillsiúghadh.
A bh-fad ó gach sólás do gheibhinn,
A bh-fad ó gach nidh gur fiú áiriomh,
Acht fós ós tonn uaigneach a g-céin,
Braithim do bheannachd cóimhéadach!
Cóimhsheinm — Tomás D. de Norradh
Oh! could I wander for ever
CHORUS.
Land of the true and the old
Home ever dear unto me —
Fountain of pleasures untold,
Beautiful Isle of the sea!
Fountains of pleasures untold —
Beautiful, beautiful Isle of the sea
Oft, on your shell-girded shore,
Evening has found me reclining,
Visions of youth dreaming o'er,
Down where the light-house was-
shining
Far from the gladness you gave,
Far from all joys worth possessing,
Still, o'er the lone weary wave,
Comes to the wanderer your blessing !
Chorus.
FÁILTE DO'N OIDE O'GRAMHNA
le P. A. Dougher.
Ceud míle fáilte 's sláinte romhat, a Shagairt a rúin,
Go m-beannuighe Dia do thorus, go rabh do ghoradh ciúin;
Is fada támar dúil leat, mar do charaid 's do ghaol,
Leis an Gaedhilge bhinn chuir ar g-cinn san oileán úr so fial
Tá do chuairt, Athair dhílis, níos feárr ná cuairt ó 'n righ,
Teacht ar Éirinn áluin, talamh glas na naomh,
Lán le tír-ghrádh, fiosracht, macántacht 'gus ciall,
Sgapfaid teagasg Phádruic thríd an oileán úr seo fial.
Tá súile ar n-daoineadh fosgailte, le bliadhantaibh bhí dall,
Sraoille le beurla Shasanaigh 's é 'g imirt orrainn feall;
Tá sé in am an gníomh so bhagairt, air ar d-teanga féin
ní 'l baoghal.
Cho fad a's bhéidheas sí múinteadh san oileán úr seo fial.
Tá dúil againn le Righ na ngrása go bh-fuil an lá 'g teacht
Nuair bheidheas ar náisiún críonna 'sar d-teanga féin fa
shlacht;
Ann sin beidh cúis dhíl na h-Éireann lámhta réir ar riaghal,
'Gus ar n-daoine cur le chéile mur tá san oileán úr so fial
Seo guidhim ó mo chroidhe dhuit, a Saorthóir na nGael.
Solus ríoghacht na bh-flaithis romhat, na ghréin, 's na reul;
Sásadh cróidhe 's inntinn' duit san obair i bh-fuil tú triall
Agus comaradh do mhuintir' leat san oileán úr seo fial.
