428
AN GAODHAL.
CONDAE MHUIGHEO
Fonn — "Is Fad ó Chuir M' Athair Mé air Asal ag
Iarraigh Mná
le Martan O'Mia.
Ceud slán duit Éire, is fada go bh-feicfidh mé thú,
Agus leun air an tráill do thug go mo ghabhaltas thú;
Tá mé 'nois dul thar sáile 's ní fhillfhead aríst go deo,
Ach fágaim ceud míle beannacht aig Eire 's aig Condae
Mhuigheo.
A m-Baile na Móna bhí botháinín deas agam fhéin,
Agus chúig acra talmhan cho maith 's bhí 'riamh aig a bh-fian,
No gur thairg mo chomhursa punt eile no dhó os mo chionn,
'S gur chuir siad amach mé gan cosamhlacht píghin ná bonn.
Gabhfad amach air a g-cnoc is áirde bárr
Agus caoinfhead mo cháirde tá sínte i bh-fad air lárr,
Béidh brón air na h-eunlaibh a chluinfeas mo ghuth 'sa spéir,
'S d'ar m' fhocal go sílim go g-caoinfidh siad liom go léir,
Athoradh go'n dlighe chuir amach as mo bhotháinín mé,
Gidh gur b' anamh bhí feoil agam, anbhruith, arán nó tae,
Acht go m-b'fheárr liom-sa fataoigh 'gus salan in mo bhoth¬
án go fíor,
Ná beoir mhárt agus milsean sa tír údaidh choigreach shiar
Cluinim sa tír úd nach labhróchaidh siad Gaedhilge liom,
'S a Dhia go do dheunfad, ní thuigfidh siad focal uaim;
Ní'l agam ach Gaedhilge mur ba mhian liom i g-comhnuidhe
bheith réidh.
'Sa chomhursanaibh dhílis nach fíor gur cadhan aontrach mé.
Caoinfhead m'athair, mo dhearbhrathair, 's mo mháithrín chaoin,
Mo chomhursanna dílis, mo thír sein 's mo dheirbhshiúr mhín;
Tá an loing dul air sáile 's ní chidhfead mo cháirde níos
mó,
Ach fágaim ceud míle beannacht aig Eire 's aig Condae
Mhuigheo.
Martan O'Mia,
Bailé Garrdha, Condae Mhuigheo.
Ceathramhadh lá mí na Nodlad, 1894.
[We would call special attention to the natural sweet¬
ness of the above verses. Mr. May is a National Teach¬
er. We have received the verses through Mr. P. F. May,
Scranton, Pa., Le buidheachas mór. — Ed.]
