AN GAODHAL
429
The following lamentation on the death of the rever¬
end Eusby D. Cleaver was composed by Captain Norris,
and delivered by him before the N. Y. P. Celtic Society.
A cháirde, is dúbhach dúinn 's is cúis ar n-déara,
'S is cás ar n-dochair gan sochar 'na dhiaidh sé
An sgeul teinn, torruinneach, donasach, céasda,
Ag teachd thar bochna son osnaidh gan breug é.
Ní breug a chana gur dochar a's diachair,
Sgoláire a's ollamh a's stiúruightheoir treunmhar;
Cobhair a's teasargadh 'gus tacadh na Gaodhailge,
An tréinfhear calma, Eisebigh Mac Cliabhair.
s iomadh fear mór' le n-a phócaidhe líonta,
Go bathas le h-ór a's a chóstaidhe slíomtha;
Le h-anmana Gaodhal air a maolchnaip sgríobhtha,
A's gan anam 'na g-cliabhaibh do,n Ghaodhailge líomhtha.
Budh líomhtha, tagarthach, taithneamhach treorach,
Léigheanta an teanga bhí aguinn 's budh glórach,
A n-Éirinn cheansa, achd tá a tacadh onórach,
Mac Cliabhair, marbh, 's tá m' aigne brónach.
Mo bhrón! faid mhairfead a's m' osnadh 'na dhiaidh sin,
Nach beo 'na beatha tá an t-ollamh Mac Cliabhair;
Fear óir do scaipe gan mhairg air eudan,
'S gan smúit aigne bheannuighthe an t-séimhfhir.
A shéimhfhir, do chéile bhí agat a meamhair,
Tabhairt bréaga gach lae dhi le taithnemh do leabhar.
Réitighthe ó 'n m-Brianach, ar d-tacadh gach uair,
'S an nGaodhailge budh mhian leat do rochdain le cobhair.
Cobhair do thugais agus iomad do chéile,
Leabhair a's bronntanus d' ollaimh na Gaodhailge;
Do chroidhe gan dochma 's é obann chum réitigh,
Is truagh 's is dochar an sgiorrad so d' Éirinn.
Is truagh gan taise 'nois teanga na h-Éireann,
'S is truagh lioms' an ghasra cheapas í shaora ;
Is gádh dóibh feasda cur gasta le chéile,
Ó chuaidh an t-anam as tacadh na féile.
Dob' fhial 's dob' fharsaing é, flaitheamhuil, croidhmhór,
Ciallmhar, ceanasach, measamhuil, líonmhar ;
A thréithe matha níor stadadh go d-tí so,
Gur léim a anam o thalamh go h-Iosa.
A Íosa ghil aoibhinn! 's a bhanaltra 'n uain,
Tá síor ghonta choidhche le feartaibh gan stuaim ;
Guidhim chugaibh le díogras, deifireach, deoin,
Sgaoile air gach fíorbhruid tá air anam an leoghain.
