430
AN GAODHAL.
An leoghan tagarthach do 'n teanga budh mhín glór,
'S lámh 'na spaga 'ge a sgaipe le croidhe mór,
Ór agus airgiod. tiodhlacadh a's múineadh:
Cia gheobhaimíd feasda 'na mhalairt? — mo chúmha!
Is cúmha led' bhanaltra ceanasach, grádhmhar,
Do sheas ad' aice go ceanamhuil, páirteach;
Do cheile leaptha 's do chara gan speádhachas,
Tú bheith marbh agus ise bheith fágtha.
Fágtha ó tá sí, go raibh sí a bh-fad beo,
'S gur grádhmhar di cáirde a compánuigh cóir;
An sáirfhear budh gnáthach a sgaipe 'chuid óir,
'S í láimh leis mar pháirtidhe a measgadh 'na ghlóir.
Glóir a's gradam a's maitheas an t-saoghailse,
Gan ghruaim chum banaltra gheanach an tréinfhir,
Do bhronn a bheatha air theagasg na Gaodhailge,
Guidhim sógh dod' anam, a ollaimh Mhic Cliabhair.
Tomás D. de Norradh.
By request of an old respected subscriber we re-pub¬
lish the songs Barney Mo Vourneen, Erin's Song, and
Beautiful Isle of the Sea, which appeared in Vols. I. &
II. of THE GAEL twelve years ago, the translations of
Captain Thomas D. Norris.
A BHEIRNÁIRD A MHÚIRNÍN ní LÉIGFEAD thú ASTEACH.
Bhí an oidhche fuar Gheimhreach 's na gaethe ag drantughadh,
An sneachta 'na bhrataibh air chábáin 's air shlighe;
Bhí Bheirnárd ag eitill tar chnoich chum a ghrádh geal,
Do chnag sé air an bh-fuinneoig a rabh Cáit óg n-a luidhe;
"A chuisle," ar sé, bh-fuil tú ad' chodladh nó ad' dhúiseacht,
Tá 'n oidhche geur, fuar, 'san mo chóta ní'l teas;
Tá 'n stoirm ag éirighe, a's an sioc ag síor chnagadh,
A Chaitlín mo mhúirnín! léig mise asteach."
"A chuisle," deir Cáit, a's do labhair tre an fhuinneoig,
"Creud fáth mo mhúsgailt as mo leaba bhreágh theith,
Tú theacht air an uair seo atá peach'mhuil a's náireach —
Uisge beatha, a's ní gean, atá líona do bhlaoisg:
Dá m-biodh do chroidhe fíor ar mo cháil bheitheá ceanamhuil,
Smuain air an am, a's ní'l aon liom 'san teach;
Cad tá ag cailín bocht acht a n-ainm san t-saoghal so:
A Bheirnáird, mo mhúirnín, ní leigfead thú asteach."
"A chuisle" dubhairt sé, "sé mo chroidhe mar an tobar
Do chaoidhfeach do 'n dochar do leigfinn fad' chomhair,
Tá d'ainm níos gile ná 'n sneachta air na sléibhte,
A's gheobhfainn féin bás d'a choimheud glé, a stór;
Anois rithfidh mé abhaile 'naghaidh gaoithe na spéire;
Feadfaidh mé 'n fuacht díom, mar táim cúitighthe go maith,
A's tabharfaidh focla mo chailín dom sólás 's beannughadh,
Ag rádh a Bheirnáird mo mhúirnín, ní leigfead thú asteach."
