(13)
11Mhadh Rol. Uimh. 1.
AIBHREAN.
1895.
SEANMHÓIR GHAODHALGE.
Leis an Athair Urramach P. J. Ua Cui-
nibh i d-Teampull Naoimh Alphonsuis,
Eobhrach Nuadh, Oidh' Fhéil Pádhruic, 1895
"Má gheur leanadar mise, gheur lean-
adar sibhse mar an g-ceudna." Eon
XV. 20.
Is sé ciall an fhocail seo a labhair ar
Slánuigheoir le na h-Aisplibh, gur air
réir mar cuireadh eisean faoi leath-
trom le tíoránaighibh míothrócaracha an
domhain, is mar sin do chuir an domhan
ceudna sin iad-san ⁊ a dheisciobail go
h-uile faoi leathtrom ⁊ faoi gheur lean-
amhuint go deire 'n t-saoghail. Bhí 'n
sgríbhin naomhtha seo cóimhlíonta go fíor
ins na h-Aisplibh; ⁊ mar an g-ceudna,
air réir mar bhí sí cóimhlíonta ins na h-
Aisplibh, is féidir linn a rádh go cinnte
gur cóimhlíonadh í go geur i g-cás Naoimh
Pádhruic, a bh-fuilid ag mórughadh a fhéi-
le ⁊ a bhuaidhe a n-diu; ⁊ fós, chidh sinn
fírinne na m-briathar m-beannuighthe ins
na geur leanamhanaibh a d'fhulaing a
clann spioradálta i. muintir na h-Éi-
reann, mar gheall air a seasmhacht agus
air a n-dílseacht do 'n g-creideamh
naomhtha a theagasg sé dhóibh. 'Sé suim
mo sheanachuis Gaodhaile an fhírinne seo
do theasbeánt daoibh anocht.
D' innis mé cheana dhaoibh 'san mBeur
la i d-timchioll aimsir ⁊ beatha Naomh
Pádhruic. Is mian liom anois labhairt
libh 'san teanga Ghaodhailge, teanga
bhlasda ar d-tíre; an teanga sin in ar
mhúin an t-Apstol mór an soisgeul
naomhtha d'ar sinsearaibh págánacha.
'Nuair a labhras libh beagán móiméint
ó shoin 'san teanga Bheurla, thug mé cun-
tas geárr dhaoibh air laethibh óga Naomh
Pádhruic ag meamhrughadh dhaoibh an módh le
'r gabhadh é féin ⁊ a bheirt deirsiúr, ⁊ mar
