i tugadh iad 'na m-bráighibh go h-Éirinn
le righ Niall; a díoladh é le Milco fíoch¬
mhar; mar d'fhulaing sé gach leathtrom
& anró le foighid; mar chleachtaigh sé
urnaighe & naomhachd air Shliabh Mis; an
nós gur saoradh shé le ordughadh an ain¬
gil Bhictor; mar a d'ullmhaigh sé é féin
chum a bheith 'na shagart; go h-áirighe i d-
taobh an léis iongantaighe a fuair sé
'nuair i chonnairc sé in aisling cineadh
neimhgheinte na h-Éireann ag glaodhach
air a theacht le iad a shlánughadh; mar
tóigeadh é go riaghail Eagluise, ag
glacadh Oird bheunnuighthe; mar rinne sé
cuairt air Róimh, & mar i coisrigeadh
é le bheith 'na Áirdeasboig & 'nna Phrío¬
maid os cionn Eagluise na h-Éireann
go h-uile.
D'aithris mé cuntas daoibh air a dhára
theacht go h-Éirinn 'san m-bliadhain 432,
ní 'na sclábhuidhe nó 'na bhráighe bhoicht
mar thainic sé roimh an am sin, acht 'na
phrionnsa & 'na Apstol. Chuir mé síos
daoibh air a sheanmóireacht & air an ob
air speisialta a rinne sé, air a chomh¬
rac mór le righ Laoghaire, & le n-a
dhraoidhthibh; an m-buaidh a fuair sé orra
le deisbóireacht & le míorbhuile, os cómh¬
air na d-teachtaireadh tíoramhal a bhí i
láthair ó gach áird i n-Éirinn; ⁊ 'na
dhiaigh sin, air a mháirseál buaidheach in
obair shoisgeulaidhe, in ar iompuigh sé
daoine na h-Éireann ó phágánacht go
creideamh Chríosd; air a ghuidhe dúrach¬
dach do Dhia air son a threuda Éireann¬
ach, ionnas nach g-caillfidís an creid¬
eamh fíor go bráth; & faoi dheireadh,
air a bhás naomhtha i g-cionn a shé scór
bliadhan.
'Sé mo rún anois taisbeánadh dhaoibh
go raibh na toraidh fíor-bhuan a d'éirigh
ó thorus Naomh Pádhruic chum ar sins¬
ear tairbheach, & go m-beidhid seasmhach
go deo ins an g-creideamh naomhtha an-
aghaidh carcair, teineadh, & cloidhmhe.
Béidh taisbeánadh níos soiléire againn
air an g-ceist seo anuair i mheamhruigh¬
mid air na trom-chathaibh do throid siad;
air an m-buadhairt a d'fhulaing siad, &
air an lán-fhuil do dhóirt siad ag cos¬
nughadh & ag coiméad an chreidimh bhean¬
nuighthe a múineadh dhóibh le Naomh Pádh¬
ruic, Athair Spioradálta cinidh na hÉi¬
reann.
Ní'l sé riachdanach dam innsint daoibh
annso nach bh-foilsighean stáir na h-Eag¬
laise Caitilice aon radharc no sampla
níos glórmhaire ná bhí le fághail in Éir¬
inn air feadh trí cheud bliadhain taréis
a h iompuighthe go creideamh Chríosd. Do
bhí sonas, sólás & subháilce ó cheann go
ceann na tíre ; & mar mháthair mhaith,
gheanamhuil, do roinn sí a sonas & a
subháilce — ní shé amháin le n-a cloinn
féin, ach thug sé ceud míle fáilte do gach
coigchrigheach a thainic chum a tráigh ó thír¬
ibh a bhí malluighthe go minic 's na laethibh
sin le cogadh & le fuil-dhórtadh. Is ann¬
sin bhí 'n creideamh faoi bhláth in Éirinn;
bhí tuir, teampuill & séipéil le feicsint
i m-baile & i d-tuaith; & bhí a colaisdí, a
sgoilteacha & a mainistreacha le fághail
in gach condae & in gach paráisde ó
Cheannfhionn in Aondrum go Ceannlár
i g-Corcaigh. Bhailigh na mílte micléighin
& thangadar chum a colásdí le teagasg
& naomhachd d'fhághail. Ísiol & uasal, ó
'n tuata go d-ti prionnsa na coróine,
mar léightear dúinn, thainic go hallaibh
theagaisg ar d-tíre, & deir stáir go
rabh Alfred é féin, Righ oirdheirc na
Sacsan, 'na mhacléighin inn árdcholáisde
Bheannchoir. Bhí tráth 'nuair i chómhnuidh
trí mhíle michléighin taobh astigh de bhall¬
aighibh na cathrach so .i. Beannchor. Is
mar an g-ceudna bhí sé in Árd-Macha,
cathair áird-chille Naoimh Phádhruic; i g-
Cluanárd, i g-Cluan mac Nois, i Lios-
mór, & i mainistreachaibh Naoimh Enda,
in oileánaibh Aran, i g-Cuan na Gillimhe.
An iongadh ar bith é gur ghlaoidh muintir
na h-Eórpa "Oileán na Naomh agus na
n-Ollamh' air Éirinn 'san aimsir seo?
Air feadh trí cheud bliadhan bhí sonas
& sólás air sud machairidh glasa na h-
Éireann, gan aon toirmeasg nó buaidh¬
readh in a slighe mar chuaidh sí air a h-
aghaidh i naomhacht & i bh-foghluim; mo
bhrón geur! bhris an an t-anfa os a
cionn faoi dheire i g cuma cogaidh fioch¬
mhair; & bhí síothcháin na n-daoineadh mill¬
te ó bhun go bárr na tíre. Agus cad
é mar tharla 'n atharrughadh mór seó?
