AN GAODHAL
11
Deas Bhoston, an Seachtmhadh lá de Mhárt, 1895.
Chum Fear Eagair an Ghaodhail.
A Shaoi Dhílis — Ag so dán a chum mé agus tá súil agam go g-cuirfidh tú i g-
clódh é má's fiú leat é. Is sé a ainm, "Ní Rachfainn go h-Éirinn air Cuairt."
Fáth agus míniughadh ann seo síos le Maitias Ua Guairiam,
Fonn. — Leagaim air mo Fallaing mar déarfas mo Chroidhe liom.
Air uachdar na chruinne ní bh-fuil samhail na h-Éireann,
Bídheann drúchd meala air an bh-feur ann do ló agus d' oidhche,
Agus an sgeach áluinn faoi bhláth úr le dealradh na gréine,
Ag sgeith deágh bhaladh séimhidh go h-árd air an ngaoith;
Tá an chuach 's an fhuiseog ag ceileabhar le chéile,
An londubh 'san chéirseach ag seinm go binn,
An troghnadhach go clasach anns an n-gort glas ag éisteachd,
Agus an breac geal go aiéreach ag snámh anns an d-tian.
Ceud slán le díl Éirinn, tír ansa mo shinsir,
Nach minic a chuimhnighim air an am bhí mé óg;
Agus beannacht le glas coillte Bhaile-na-h-Inse,
Agus is iomadh lá aoibhinn do chaith mé aig Abhain-Mhór;
Annsúd do chleacht mise suaimhneas agus siamsa,
Mo shuidhe 'measg na n-gaolta gan cealg no cluain,
Nó ag triall a bhaile ó aifrionn no aonach,
Le mo chailín deas dílis agus ar g-croidhthe lán de bhród.
Achd is brónach le dearcadh mar shiansamhail an t-saoghail so,
Feuch mar chuireann an dubh-gheimhreadh an deágh-shamhradh faoi shuan,
Agus gach crann áluinn measamhuil le toradh breágh líonmhar,
Ní mhaireann taréis críonughadh achd na geugadh cruaidh lom;
Mar súd d'eulaigh mo spracadh, mo neart 's mo chroidh' uaim,
Agus mo radharc a bhí grinn seal tá 'nois plúchda faoi cheo;
Táim a g-céin ó mo cháirdibh, táim a g-coigrighe ó mo ghaoltaibh —
Och faraoir! táim aosda agus ní bhéidhead arís óg.
Achd is buan mallachd gach teaghlach air thiaráin na tíre,
Is iad a díbreadh na daoine soir, siar, deas agus tuaidh,
Agus gach áras a bhí fáilteach riomh aois, óg' 's críona,
Ní bh-fuil anois ann mar fiadhnuise achd trom 's neantóg;
Gach comhursa agus caraid mhair annsúd le mo linn-se,
Táid uile lag, claoidhte, nó sínte faoi an bh-fód,
Agus cad b' áill liom air ais ann, cur buaidhreadh ann m'inntinn,
Och, ceud slán le do aoibhneas mo dhíl Éire go deó!
Tá sé aon bhliadhain deug air fhichead ó d'fhág mé Condae Gaodhlach na
Gaillimhe agus táim annso a g-cathair Gallda Bhosdon ó shoin.
