(14)
11Mhadh Rol. Uimh. 2
BEALTAINE,
1895.
Do Léigheadh an Páipeur so leanas
Os Comhair Chonnartha na Gaedhilge i
mB'l'a'cliath, ar 4adh Ochtmhí, '93.
Tagradh air son Cheoil na h-Éireann.
Leis an nGabhar Donn.
Is mian liom bhur n-inntinne a bhros-
tughadh chum grádha a thabhairt d' ar g-
ceol ársaighe féin, ceol bríoghmhr na m-
bárd, do cheol blasta ar sinsear; is
iongantach liom go bh-fuil riachtanas ar
bith orrainn so a dheunadh, ach is cosmhuil
an nidh seo le gach uile nidh eile bhaineas
le beatha fíor ar d-tíre; nach bh-fuil
riachtanas orrainn — an Cunnradh na
Gaedhilge seo — a chur air bun chum ar
d-teangan a chongbháil ó bhás? Nach
raibh riachtanas air dhaoinibh eile cumann
a chur air bun go déigheanach chum feasa
ar sgéil ⁊ litridheachta a chongbháil a-
guinn. Is mar sin atá sé le nidh a
bhaineas le n-ár d-tír féin, is éigin
dúinn a bheith a g-cómhnuidhe ⁊ go bráth
ag brostughadh ar n-daoineadh chum na
néitheann úd a dheunadh budh chóir dhóibh a
dheunadh gan focal ar bith a rádh d'a d-
taoibh. Acht tá cuid díobh leisgeamhail,
⁊ cuid díobh neamhchúramach ⁊ cuid eile
díobh aineolach ⁊ mar sin ní'l nidh ar bith
deunta aguinn, acht tá beagnach gach
uile nidh ag dul a mugha.
Bídheann brón mór orm nuair a
chluinim beagnach gach uile dhuine ag sein-
im no ag feadaighil fonn déigheanach na
n-alla-cheol, na foinn is measa, dar-
liom, atá le fagháil faoi neamh. Má bh¬
fuil na sgoile tíoramhla uaigh na teang-
ain dúthchasaighe, tá na h-allaidhe ceoil
⁊ na tighthe imirte uaigh ar g-ceol dúth-
chasaigh. Is anamh cluinimíd abhráin Ui
Mórdha no Dáibhis no abhráin "Spioraid
an Chinidh" a n-diú, ⁊ gídh go bh-fuil fios
