ag ar n-daoinibh air bheagán díobh mar
"An Maidrín Ruadh," "An Móirín."
"Cailín Deas Crúidhte na mBó," "Grádh
mo Chroidhe." "Anie Dhilis," & a leithéid;
tá a lán d' fhonnaibh na h-Éireann ann
fós air nach bh-fuil aon chuimhne againn,
& measaim gurab iad na foinn is
suairce & is binne atá le fághail i n¬
Éirinn na foinn a ndeuntar dearmad
a n-diu.
Nach feárr leis an g-cuid is mó d'ar
n-daoinibh — idir sean & óg — fonn mar
"Tar-ra-ra-loom de-ay,” nó “The Man
Who Broke the Bank at Monte Car¬
lo," nó "Daisy, Daisy give me your
Answer do." 7rl? Nach bh-fuilmíd ag
léigean ar bh-fearamhlacht dul a múgha ins
an nidh seo! Nach bh-fuilmíd ag caillea¬
mhuint an ghrádha a bhí againn ar na
néithibh deasa & ar na fuama bh binne?
Is fíor é go bh-fuilmíd & támaoid sás¬
ta leis! Measaim go m-béidhmíd an-
chosamhuil le drongaibh ísle Lúnduin nó
Manchester go luath, acht táim cinnte
nach áil le aon duine i n-Éirinn an nidh
náireach so. Má theidheann ar d-teanga
go léir uainn, rachfaidh gach aon nidh a
bhaineas le fíor-bheatha ar d-tíre dhílse
Éireann léi. Má's cúram naomhtha é
cúram teangan na tíre, is cúram
naomhtha é cúram ceol na tíre mar an
g-ceudna Nach bh-fuil ceol na h-Éireann
aon de na comharaibh fíora go
bh-fuilmíd 'n ar g-cine fa leith? Nach
fíor é go bh-fuil teanga ceol & cluithidhe
na comharthaidhe is cumaraighe go raibh
(Le bheith leanta.)
aig l. 25a
The vitality of nations is like that of individuals
or any other object in Nature. — It grows and
dies: Rome, Spain, and Holland were the com¬
mercial mistresses of the world, in succession —
they vanished. England succeeded Holland : she
is declining to=day, and in less than ten years Ja¬
pan steps into her boots — she has one boot on al¬
ready. What, then, will those West-Britain Irish
men do who, a few years ago, proclaimed that the
"English language was good enough for them —
that it would be the language of the world"?
Will they cast their lot with England and follow
her into her original and inherent barbarity, or
seek to deck themselves off in the resplendent
Irish plumage which they despised in its day of
tribulation?
Vide "Targaireacht Bh. R
le Micheál Ó Tiománuidhe
SEAN CHÓMHRÁDH
le Dillon J. McCormick.
Teach Mic Maithion, Eirris. —
An Teach Ba Fuide Siar in Éirinn le
n- a Linn.
Bhí an teach seo deunta faoi bhun
Chruic an Tearamoin, ag i ndeárnaidh
Brian Ruadh Ua Cearabháin an targ¬
aracht go n-éireóchadh an Rón Glas as
an bh-fairge ag Port Glas & go rachfadh
sé treasnadh air Chnoc Tearamuin.
Dubhairt an targaracht mar an g¬
ceudna go marbhóchadh fear de mhuintir
Lochlainn é, & nach mairfeadh an fear
sin bliadhain. Do thainic an targar¬
acht fíor, mar do tharluigh gach nídh
mar dubhairt sé chum chruithighthe.
Targaireacht eile do rinne sé nach d¬
tainic i láthair fós. —
Dá d-tiocfadh Luing an Chrainn Chaim
go cuan an Fhóid Dhuibh, in sin go mbudh
trom le Mac Gall a chóta.
Dul amach Dún Dómhnaill castar
linn gleann deas Chuing eidir dhá chnoc,
ceithre mhíle as Beul Muilit. 'Sé an
fáth ar tugadh Dún Dómhnaill ar an n¬
gleann áluinn úd: le linn Bhaill Dheirg
Ui Dhómhnaill — ceann de na faithigh mó¬
ra bhí i g-Contae Mhaigheo 'san t-sean
aimsir, bhí an t-seilg air a thóir & iad
teannta dlúth leis, ag breathnughadh nach
rabh aon dul uatha aige, thug sé léim
uadh bhruach an chnoic, & chuaidh sé as
cionn ceud troighthe treasna 'n bhóthair,
mharbhuigh an léim é, & cuireadh 'san m-
ball ar thuit sé é. Is minic a thainic
mé 'n uaigh — tá sí trí troighthe deug ar
fad. Tig le duine ar bith a ghabhas thríd
an ngleann uaigh Bhaill Dheirg fheicsint.
Tá súil le Dia agam nach fada uainn
an lá go d-tigidh an targaracht as
cionn chum chrutuighthe ar nós go d-tioc¬
faidh focla 'n fhile fíor — nuair a dúbh¬
airt sé go rabh súil aige le Righ na n-
gársa go d-tiocfadh sé 'san n-gaoith go
fóill go m-beidheadh orangemen d'a d¬
tréigsint, & ruaig dh'a chur ar lucht na
bperacóat.
