14
AN GAODHAL
AN MHUIR.
Leis an nGabhardonn.
1
Do chualuigh mé an mhuir fa ghruaim
Ag dranntadh ar an tráigh,
Do b' árd, mór, iongantach a guth,
Nuair theilg sí ins an aer a cubhar
Ag bun na g-carraig n-árd;
Nuair rith sí chum na trágha gairbhe,
Mar shluagh mór saighdíur chum an chatha.
2
Budh radharc glórmhar é gan gó,
An mhuir fa fheirg ag rith;
Hurrath! hurrath! budh bhreágh an gleo
Nuair árduigh sí le neart a glór;
Budh dil lem' chroídhe a sgiamh —
Gorm, glas a's bán fá 'n spéir ag smigeadh,
Tonn 'ndiaigh tuinn gan stád ag tuisleadh.
3
Fara! fara! tá 'n ghaoth anois
Ag séideadh in a neart
Ar dhruim na dtonn mór n-uaibhreach nglinn.
Ag seinim ceoill go h-árd, go binn,
Ní 'l ceol is feárr fá neamh.
Fara! fara! ar feadh na h-oídhcheadh
Tá 'n ghaoth ag seinim a ceoil go fíochmhar.
4
Nuair fheicim bád beag ar an muir
Fá sheoltaibh geala 'g triall;
Nach deas an radharc é ar chrios
Na teoran 'gluasacht chum na frith'
Fa sholus buidhe na gréin'
"Chum Éireann! chum ar m-baile dhílis"
Sin gáir na mbádóiridh dtreun gcliste.
5
Os cionn na mara tá an speur
Ag lonnradh gan aon smúit;
'S é Parthas geal, teach órdha Dé;
'S é árus glórmhar, glinn na naomh
Gan peacadh, pian no gruaim.
'Na doimhneacht ghoirm, ghlain tá na reulta,
An rae, an ghrian ag rith go gléigeal.
6
Ochón-e-eo! tá 'n brón is mó
A gcómhnuidhe ort, a mhuir,
A's béidh, go m-béarfaigh bás a fhághail
Ar chum Dé idir sean a's óg
A bhfuair bás fad ó shoin
I ndoimhneacht mhóir do thonn ndobrónach —
Seinneóchaidh tú annsin go glórmhar.
7
Acht, O! is dil liom tú, a mhuir
Is áil liom bheith led' thaoibh
