AN GAODHAL
15
Nuair sheinneann tú do cheol go binn,
Fá solus suairc na gréine glinn'
'S an samhradh flaitheamhail, fial.
Neamhchríochnuigheacht — is eisiompláir thú
De 'n tsíorruigheacht sin atá teacht dúinn.
8
Acht is feárr liom thú, a mhuir, nuair táim
Ar bhárr na sléibhteadh mór —
Binn Eadair árd, gan crann, sgáil;
Nó 'r shléibhtibh Cille-Mantáin — áit
Is deise liom 's an dómhan —
Is dil lem' chroídhe gach cuan, gach caladh
A tá 'n a luidhe fá sgáth a gcarraig.
9
I m' aice tá B'l-ath'-Cliath 'n a luidhe;
Tá deatach mór anois
Ar aghaidh na spéire, cómhartha fíor
Gur cathair shluaghmhar shaidhbhir i,
Príomháit ar dtíre dil';
Is áil lem' chroídhe a daoineadh dána —
'S a mná mór-uaisle, míonla, mánla.
10
Acht, Och! is cathair fheoighte í,
Gan saoirse, Och! gan féis;
Ochón! nach bh-fuil ar ndaoine groídhe
Do chur ar bun arís mar bhí
Ar saoirse ghlórmhar, ghlé :
'S do ruagadh lucht na feille móire
As Éirinn óigh na naomh go deo deo.
11
A mhuir atá tú FÓS 'do luidhe
Idir Éirinn a's a námh —
A's déireann tú — ní dligheach dhaoibh
Bhur muinighin chur san drong a chlaoidh
Tre chluain sean-tír na mbárd;
Acht muinighinn chóir do cur a gcómhnuidhe
'N bhur muintir féin is í is cóir daoibh
12
Acht, tá an t-am ag teacht go grod
'N a mbéidh an mhuir fá ghlóir,
Ag seinim ceoil is suairce liom
Ná sheinn sí riamh — ní bhéidh sí dubh
Acht glórmhar geal mar ór :
Ceol binn ar saoirse, ceol an fhlaithis. —
A fhairge Éireann, seinn go ceart dúinn.
13
Seinn, seinn do cheol, gidh gruamach é —
Seinn, seinn do cheol go h-árd —
Geur-bhás do 'n námh a sgrios geal réim
A raibh fad ó 'n ar dtír gan leun
Chómh glan le maidin bhreágh:
Seinn — éirghe ghlégeal d' Éirinn áluinn
Ó ghleann an bháis go solus sáimheamhuil.
14
Do chualaidh mé an mhuir fá ghruaim —
