16
AN GAODAL
Acht cluinfead í go luath
Ag seinim ceoil a chuirfidh 'r gcúl
Do bhrón go bráth, a thír na nduadh,
Béidh mór, béidh buan do chlú
A's béidh do sheamróg 'rís ag bláthughadh
Níos deise fós tar éis an chráidh mhóir.
Caithir Lubhráis, Stát Mhass ; an ceathramhadh lá
deug de Fabhra, 'san mbliadhain 1895.
A Shaoi ionmhuin & a dhluith dhuine mhuinteardha, cuirim
chugat dréacht beag air an gcláirsigh. Do chonarc mé gur
chuir duine ó'n sean dúithche a déantanas chugat air "An
gcláirsigh," acht ní'l eagla ar bith orm aráidh nach féidir
buadh dho bhreith air an tSaoi oirdheirc, Árd Easbog Thua¬
ma Tá súil agam go ghabhfaidh tú mo leithsgeul ar son
an déacht beag so do chur chugat,
"An Chláirseas Bhinn do chan go Ghrinn na ceolta sighe
fadó". A Shaoi dhíl is mór an sgamal atá ar Éireannaigh
go bh-fuil siad chomh doimhann sin a láibh an aineólais nach
bh-fuil meas aco ar a dteanga féin. An teanga do réir
úghdar is uaisle, is binne, is brioghmhaire & is ársa ansan
domhan anois. An uair fheuchaim siar thre duilleoga críon
lobhtha na sean leabhar & ná fheicim aon teanga ann ta chomh
bog, chomh binn, chomh breágh, chomh cneasta léi, líonann mo
chroidhe le doilgheas; Nuair chuimhnighim ar an neamh-shuim, &
an droch mheas atá aige a clann féin dí. Tá an t-am an
ghar dúinn, & buidheachas mór le Dia 'na thaobh, go m-beidh
na daoine atá cobharughadh leis an nGaodhailge áthasach ar
a shon, & iad so go bh-fuil náire ortha cobhair do dheunadh
dhi nó í labhairt, anuair is féidir leo é, go brónach, doil¬
gheasach, mar ní rabh a n-anmanna sgríobhtha a leabhar aith¬
bheodhuighthe na Gaodhailge. Éirghe suas os bhur dtámh-néil
a chlanna Naomh Pádruicc & taisbeánaighe do náisiúin na
crinne nach féidir le tíorántas, nó le malluightheóiribh Sac¬
san bhur misneach nó bhur ngean do'n Ghaodhailge do bhrise
síos. Cuir má's féidir leat, agcomórtuis, an beannugh¬
adh tirm gan bhrighe an tSacs-Beurla leis an m-beannughadh
éifeachtach bog, milis, dhiadha na Gaodhailge, & chidhfir áirde
& an bárr buadh atá aige an nGaodhailge os a cionn.
Léighid, a Shaoi Dhíl, mo dhréacht & má tá tú cinnte go bh-
fuil sé uireamhnach dod' pháipéar, clodhbhuailte ar son na
h-oibre go bh-fuil gean mo chroidhe.
A Shaoi Ui Lócháin, gabh mo bheannacht & mo bhuidheachas,
& guidhim faid saoghail chugat féin, & sonas & seun do 'n
nGaodhal.
Do chara,
Tomás Ua Gríomhtha.
[Mr Griffin is one of the few Irishmen who may speak authoritatively on
Gaelic matters. Mr Griffin had his Irish Class in Lawrence over sixteen
years ago. The Gael and its editor have the fervent prayers of Irishmen.]
