AN GAODHAL
17
AN CHLÁIRSEACH.
le Tomás Ua Gríomhtha.
1
Tá an Chláirseach bhinn do chan go grinn,
Na ceolta síghe fad ó,
Anois 'na luidhe air bhallaidhe an tíghe,
Gan greann nó brígh 'na glór;
Mar so do chuaidh an ghlóire mhór,
Bhí 'n Éirinn suairc, gan gó,
Do bhris a gcroidhe i bh-fear 'sa mnaoi,
Is d'fhág ár dtir faoi bhrón.
2
Ní chloisfidh saoi nó ainder ghrinn
Do ghuth arís go deo,
Do bhris an dlaoidh, d'fhág dubhach do thír,
Thug sgéala cruinn ded phór;
An tsaoirse bhí ag rún mo chroidhe,
Mo leun! ni'l sí níos mó,
Acht búiraidh an fhill ad chrádh le cíos,
A mhúirnín dhílis óg.
3
A chláirsigh chaoin, tá gean mo chroidh;
Ded' dhán, ded' laoi 's ded' cheol,
IS iomadh oidhche meire a Hallaighe an Righ,
Do bhí aige críonna 's óg ;
Tá súil le Críosd agam amhaoin
Go mbeidh tú arís go sódh,
Ar bhallaigh an rígh a cana grínn,
A réim, mar bhidhis fadó.
DO 'M CHAILÍN DIL.
Leis an nGabhardonn.
Mo chailín ghil atá tú;
Mo mhúirnín áluinn glé ;
Gráidheóchaidh mé gach lá thú
Go mbéidh mé fuar 'san gcré.
Ochón! is dubh an lá liom,
Ní 'l reult ar bith 'san oídhch',
'Nuair bhfad óm' thaoibh atá tú
A stóirín óig mo chroidhe.
Druid liom, a stóirín áluinn,
Druid liom, a's béidh mo chroídhe
Lán, lán de shógh, de gháire,
De shuaimhneas geal, a choídhch.
Mo chailín dhil atá tú,
Mo mhúirnín óg gan crádh.
Gráidheóchaidh mé go bráth thú
A stóir, a rúin, a ghrádh.
