18
AN GAODHAL.
Dallas, Tex.,
Abrán, 18, '95
A Chara Dhílis:
Tháinig do leitir Lae 'l Pádraic chúgh¬
am, & chuir sé áthas mór orm an leitir
sin a bheith ad' láimhscríbhin féin. Tá
meas gan tómhas agam ort ó an t-am
a fuaireas an cheud uimhir de 'n Ghaodh¬
al mar gheall ar an obair mhait atá tú
ag deunamh. Ach tá ar d-teangadh Ghae¬
dhilge ag tógaint a cinn arís, agus is
geárr go m-beidh sí taobh le taobh le gach
teanga fóghluimte eile 'san domhan. Do
léigheas a bpáipéar ó Éirinn a thagann
chugam go bh fuil níos mó de dhaoinibh ag
fóghluim Gaedhilge in Éirinn anois ná bhí
'n aon am le dhá cheud bliadhain.
Do shílis go mb' fhéidir go mbudh aon
de na Coirínidhe as Baile-an-mhuilinn,
Contae na Gaillimhe, mise. Ní sheadh go
deimhin, ach Ciarruighe as as mé, ó phar¬
áiste Chathairsibhín — an paráiste in ar
rugadh Dómhnall maith O Connaill, "an
treun-fhear cóir." Do bhí mé a mBaile-
an-mhuilinn trí nó ceathair d'uairibh.
Chaitheas ceithre bliadhna dom' shaoghal i
g-Clármhuiris, "Contae geal Mhaigheó,"
& is maith & is fialmhar na daoine atá
ann.
Is fíor nach bh-fuil mórán de chlann
na h-Éireann anns an g-cathair so no
anns an stáit so fós, ach mar an g-
ceudna is féidir leo rud maith dheunadh
nuair is áil leo sin.
Tráthnóna dialuain seo chuaidh tharr¬
ainn, bhí againn 'báll' anns an áit so
(under the auspices of the Irish-Ame¬
rican Benevolent Association, a most
flourishing and prosperous local organ¬
ization), nuair a bhí timchioll chúig cheud
pearsa baillighthe i d-teannta chéile.
Tá súil agam nach bh-feuchann tú le
tarchuisne ar an droch-Ghaedhilge atá
anns an leitir seo; ní'l foclóir no
congnamh eile lem' aice.
'Sé mo dhóchus go bh-fuighir fada lae¬
thibh & lán-shláinte chum tú bheith os cionn
an Ghaodhail air feadh mórán de bhliadh¬
antaibh fós.
Le dóchus mór,
Pádraic Ua Curráin
[A chara i Churráin, ní call duit a
bheith gabhadh do leithsgéil; taisbeáin
dúinn an meud Éireannach atá 'nan a
smuainte do chur ar pháipéar in a d¬
teanga dhúthchais cho maith leat — F E G]
An Leomhan & a Thrí Comharlathóiridhe
Ghlaodh an Leomhan ar an g-Caoire & d'
fhiafruigh ar bhalthaidh a anáil; dubhairt
si gur bhalthaidh; gheárr sé a ceann dí
mar amadán, Ghlaodh sé ar an bhFaol¬
chú, & d'fhiafruigh dhe; dubhairt sé ná'r
bhalthaidh ; sróic sé o chéile é mar phlás¬
uidhe; faoi dheire, ghlaodh sé ar an Sion¬
nach, & d' fhiafruidh dhe. Go cinnte bhí
slaighdeán air & ní fheudfadh sé balthugh¬
adh.
Ní dheireann daoine glice faice in
aimsir ghabhadh.
Vocabulary.
comhairlightheoiridhe, councillors
korliy-
horee.
ghlaodh, did call,
ylee-eh.
d'fhiafruigh, did ask,
dheefry.
balthaidh, smell thou,
balhy.
anáil, breath,
unawil.
faol-chú a wolf,
whayulchoo
dubhairt, did say,
dhoo-airt.
plásaidhe, a flatterer,
plawsee.
slaighdeán, a cold,
shlydhawn.
faice, anything,
fhaickeh
gabhadh, danger,
gawvah.
Translation.
The Lion and His Three Councillors.
The Lion called the Sheep to ask her
if his breath smelt; she said ay; he bit
off her head for a fool. He called the
Wolf, and asked him, he said No; he
tore him to pieces for a flatterer. At
last he called the Fox and asked him.
Truly he had a cold, and could not
smell.
Wise men say nothing in dangerous
times.
