OILEÁN ÉADUIGH.
Brian MacAodh ro chan.
Fonn — Cuan Eochaill — Mall ⁊ sollamhanta.
Is i n-Oileán Éadaigh atá mo cheud ghrádh,
Ag ar leig mé léithe mo rún go h-óg,
A bh-fuil triúr air aon chéill ag gul n-a diaidh orm,
'S gan bean a bhréagfadh mo chreach le fághail.
Tá mise treith-lag — ní'l gar d'a sheunadh,
Agus ní'l mé air aon chor ach mar bheidheamh an ceo;
'Sa stór mo chléibh is tú d' fhág liom féin mé,
'Gus chuaidh tú i g-cré uaim in do chailín óg.
A n-aois a sédéig seadh fuair mé féin í,
'S budh lághach an féirín í ag fear le fághail;
Budh deas a beusa 's budh cúmhra a méin-mhaith,
'S budh geall le reultán í air mhaidin bhreágh.
Mo ghrádh do bhéilín ná'r chum na breugadh,
'S do ghruaidh gheall, ghlégeal mar an eala ar tráigh,
Do dhá chích chóra le do leanbh a bhreugadh,
Ach a stór, níor fheud mé thú thabhairt ó'n m-bás.
Dá b-pósainn sláimín de chaile ghránna,
Do thóigfeadh lán orm a bheith gul 'na diaigh,
Ach an chiúin bhean bhán úd ar thug mé grádh dhí,
Is gur in a páisde do fuair mé í.
B' fheárr liom go mór mór mo dhiaidh 'san ród í,
A bleághan mo bhó no a g-cinn mo thighe,
Ná saidhbhreas Sheorsa ⁊ fághaim fá dhó é,
'S gur faoi na fódaibh a chuir mé í.
Dá mbeodh fios ag na daoine cho buadhartha 's bhidhim-se
An tráth do smuainím air mo Shalóg ruadh,
Bhidheadh in aice liom air feadh na h-oidhche,
'S ag cómhrádh caoin liom le h-éirighe 'n lae.
Ní'l gar dam smuaineadh go bh-fuigh mé choidhche
A g-cinn mo thigh í, mo leanbh bán;
Agus fuil mo chroidhe i teacht 'n a taodhmadh,
'S a stór, cé 'n t-iongnadh é, i n-diaidh mo ghrádh!
We re-publish this song by request of a valued subscriber. It was
given to us first by Mr. Martin P Ward, and, with its history, appears
in No. 4, Vol. 4 of The Gael.
GLÓRIA
Leis an nGabardonn.
Glóir do Dhia do chruthuigh mé,
Glóir do Dhia do shlánuigh mé,
Glóir do Dhia a naomhuigh mé,
Athair, Mac a's Spiorad Naomh.
Triúr i n-aon a's aon i d-triúr
Tugaim daoibh-se 'nois onóir
Molta móra, adhradh, glóir
Duit, a Dhia, mo Chruthuightheóir.
