(15)
11Mhadh Rol. Uimh. 3.
IUIL,
1895.
Do Léigheadh an Páipeur so leanas,
Os Comhair Connartha na Gaedhilge i
mB'l'a'cliath, ar 4adh Ochtmhí, '93.
Tagradh air son Cheoil na h-Éireann.
Leis an nGabhar Donn.
aig 136.
agus go bh-fuil dithfir mhór eadrainn ⁊
gach cine eile atá ar dhruim an domhain.
Má's fíor so, creud fáth nach bh-fuil an
mhéid sin tírghrádha aguinn ⁊ atá ag
gach pobal eile 'san domhan? Congbh-
uigheann ar m-bráithre i n-Albain a g-
ceol ⁊ tá uabhar aca as. Chongbhuigheann
na Breathnaighe ⁊ na Sasanaighe a g-ceol
mar an g-ceudna, ⁊ deunann gach cine
eile ar fud an domhain an nidh ceudna.
Acht measaim gur rún le cuid mhór de
n-ar n-daoinibh a d-tíoramhlacht a theilg¬
ean ar leith, ⁊ a n-dithchioll a dheunadh
chum nós cinidh eile chur umpa. Nach é
seo cuid de 'n obair atá ag Connradh
na Gaedhilge a dheunadh — an nidh náireach
seo a chosg chómh luath ⁊ chómh h-éifeachtach
⁊ thig leo é, ⁊ teanga, ceol ⁊ nós na h-
Éireann a chur ar bun ⁊ ar aghaidh arís
'n ar measg.
Do léigheas trácht ar Mhúraibh na
Spáinnne in a dubhairt duine, chuim
fear-cheoil éigin fonn ag a raibh an cú¬
mhacht so — gul nó gáire a chur ar na
daoinibh gach am a b'áil leis. Budh ion-
gantach, dar liom, an nidh seo. Agus
nuair do bhidheas ag léigheadh leabhar Ui
h-Argadáin do thárluigh mé le nidh an-
chosamhúil leis an nidh seo, is é seo é
— 'Do ghaibh an Cearnach cláirseach árd
"ghuthach shuairc-theudach chuige, ⁊ nuair a
d'imir sé uirri, do chualaidh na macal¬
'laidhe úd shíos ameasg na g-carraig é,
