"i., iad a sgapas na fuama suaimneacha
"úd a threoruigheas na ceudfadha mar
"bráighdidh 'n a n-diaigh; noch a thug ar
chuid dhíobh deora a shileadh 'n a bh-fras¬
"aibh, & ar chuid eile dhíobh bheith luathgháir
"each; do ghaibh sé an chláirseach chuige a¬
"rís & do sgeith sí fuama binne amach
"mar cheileabhar na n-eun ionnus gur
"chodail na daoine creuchta, mná torr¬
"acha, & an nathairnimhe cealgach anfad
"do bhí sé ag imirt uirri; do dheasuigh sé
"an chláirseach arís & do mhúsgail sí nó¬
"taidhe iongantacha uathbhásacha an chog¬
"aidh ; do bhuail sé na teuda ramhra ⁊
"sgaip sí fuama malla gruamacha an
"dobhróin lán de dhuairceas & dhubhachas
"chóimhmheasgtha le fuamaibh binne."
Measaim go bh-fuil an cúmacht ceud-
so ag ar g-ceol féin a n-diu, óir nach d-
tig leis áthas mór a chur ar dhuine 'nuair
a chluinneann sé "Feusta Ui Ruairc" no
"An Bóthar Garbh go Dúibhlinn"? Nach
d-tig leis suaimhneas & sásadh a chur air
nuair a chluineann sé "Peurla an Bhrol¬
laigh Bháin" no "Máire ó Bheul-áth-h-Amh¬
nais"? Nach d-tig leis é a dheunadh ard-
aigeantach, cogamhuil nuair a chluineann
sé "Síos & Síos liom' no "Cruachan na
Féinne'? Agus nach d-tig leis an g-ceol
so an brón is mó a chur air nuair a
chluineann sé "An t-Ullagón Dubh O' no
"'Sa Mhuirnín Dílis"? Táim cinnte
níor chum aon chine eile 'san domhan
ceol leath cómh cumhachtach no chómh cum¬
asach le ceol na hÉireann, & ní dheirim
an nidh seo de bhrígh gur rugadh mé & do
tógadh mé ameasg daoineadh na h-Éir¬
eann; óir deireann an domhan mór an
nidh ceudna do chualas 'nuair do chuir
Flotó abaircheol "Márta" os comhair
an domhain i m-Berlin & nuair a chualaidh
an chuideacht a bhí 'san tigh-imire an
fonn Gaodhalach sin 'Rós Déigheanach an
t-Samhraidh" go raibh siad chómh sáruighthe
le n-a bhinneas gur ghabh na mná-fhlatha a
mionna no coróna de n-a g-ceannaibh ⁊
gur theilgeadar ar an sgalán iad Do
bhidheadar ceart, óir ní'l ceol le fághail
ann is binne no is suairce ná é.
Do rinne na sean Ghaodhail a n-díth¬
chioll a d-teangan a dheunadh chómh binn,
chómh blasta sin & a d-táinic leo, & ní
iongantach é go n-deárnadar a n-díth¬
chioll chum a g-ceoil a dheunadh chómh binn,
blasta leis. Freagrann an ceol do'n
teangaidh & an teanga do'n cheol. Má
's milis an teanga is milis an ceol, má
's bríoghmhar an teanga is bríoghmhar an
ceol Táim cinnte ní'l ceol no teanga
'san domhan ag a bh-fuil an cumhacht
mhór so Má bh-fuil cluas ag duine &
má bh-fuil fios ar theangaidh & ar cheol
na hÉireann aige, tig leis an
nidh seo a dhearbhughadh & feicfidh sé go
bh-fuil sé níos fíre ná dúbhras.
Tá ceol fá leith ag gach uile chine faoi
neamh & deunan siad a n-díthchioll chum
a g-ceoil a chongbháil beo 'na measg,
múineann siad d'a g-clannaibh é ins na
sgolaibh & insna coláistibh, & measaim gur
chóir dhúinn an nidh ceudna dheunadh Is
mór an dithfir atá idir ceol Gearmán¬
ach & ceol Iodálach, is mór an dithfir a
tá idir ceol na Fraince & ceol na Sac¬
san, & congbhuigheann gach n-aon díobh a
cheol féin aige gan truailleadh gan bás,
óir is cuid de 'n bheatha thíoramhuil é, &
is luaithe léigfid a maoin dhul amúgha
ná léigfid a d-teanga nó a g-ceol bás
d' fhághail. Is fíor go bh-fuil riachtanas
orruinn uile shaothar a dheunadh chum ar
n-aráin & ar n-ime d' fhághail, acht ní'l
riachtanas ar bith orruinn ar d-teanga
nó ar g ceol a thréigean ar a son; ní'l
riachtanas ar bith orruinn aon nidh a
bhaineas le fíorbheatha ar d-tíre a thréig¬
ean. Is mór an truagh é gur iompuigh
ar d-treoruightheoiridhe daoine na h-Éir¬
eann ó na néithibh seo, is mór an truagh
é nár chuireadar teanga & ceol na h-
Éireann ins an g-ceud áit, & gach nidh
eile in a ordughadh féin 'na n-diaigh, óir
táim cinnte nach bh-fuil ar n-daoine —
an chuid is mó díobh — chómh suarach, spa¬
dánta sin, nó chómh sanntach, mianmhar
sin chum an t-airgid a bhailiughadh & go g-
cuirfeadh siad a d-teanga nó a g-ceol
nó nidh a bhaineas le beatha ar d-tíre ar
leath-taoibh ar a son.
Cuirimíd an onóir is mó ar na fea¬
raibh a fuair bás ar son a d-tíre, is
cóir dúinn sin a dheunadh, óir is fiú iad
