26
AN GAODHAL.
Crainn 's sléibhte reuba,
'S Carraigeacha i pleusgadh,
Na h-éisg ar fad ag eugadh,
'San mhuir i tiormugh' suas.
9
Iomdha sligeán cnámha,
Ceanna, cosa, lámha,
An mhuir an mhéid i bátha
Ainti féin a riamh —
Ní'l duine 'nuas ó Ádhamh,
Leanbh, feara, mnáibh,
Nach n-éireochaidh suas an lá sin
Le triall ar an sliabh.
10
Leis na briathra rádh,
Éireochaidh suas 'san tráth
An méid a shiolruigh ó Ádhamh
In a g-colonnacha arís —
Is maiseach, áluinn, glanmhar,
Aoibhinn, seunmhar, fonnmhar,
Ceol-bhinn, sona an fhólacht
Thigfeas in siúd le Críosd.
11
Ní'l cáiligheacht chiuin d'a shéamha
D'a bh fuil ag na fíreunaibh
Nach bh-fuil mar an g-ceudna
Bun-os-cionn, arnodh,
Ag an méid a ghluais a níos
Le diabhal na tnúth 's craos,
Díthmheas, saint 's drúis,
Fearg, leisg 's gleogh.
12
Siud é lá na méidhle,
Mallacht, osna 's béice
Ag sluadh na láimhe cléithe
Ar radharc na bh-fíreun;
'S go mb'fhearr leo fanacht choidhche,
Mílte bliadhan de shaoghalta,
Ná theachht ar ais faoi dhídean
A g-colannacha féin.
13
Siud é lá na spórta,
Ceol-bhinn, aoibhinn, glórmhar,
Fáilte, na mílte póga
Ó anmanna na bh-fíreun
D'a g-colannacha ceannsa,
D'iomchair iad go mánla
'S d'árduigh iad mar chlann Dé
Na milte suas ó'n ngréin.
14
In siúd i bheidheas n-a suidheamh,
Na h-abstail & na naoimh,
Le fuil an Uain a nigheamh
I ngleann so na n-deor;
Is leo do dhéarfas Criosd,
"Tairighidh ar ais arís
Mar righthibh ar righeacht
Tá agam faoi n-ar g-cómhair."
15
Iontóchaidh in sin 'na a mhóracht,
Le fearg mhilleach, leonmhar,
Ar shluagh na mallacht dhiabhalmhar
Ar thaobh na lámhe clé,
'Gus éamfaidh 'mach mar thuirneach
Imthighidh as mo chómhair-se
Go h-ifrionn, a dhiabhalaibh,
'S mo mhallacht dhíbh go h-eug.
16
Siud é an sgaradh déighionach
Nach mbeidh casa 'r ais go h-eug air
Eidir bean agus céile
Agus leanbh ciúin na g-cíoch.
Páirtfidh gaol 's gaoltaibh,
'Gus cómhursanaibh, mar léightear,
Nach bh-feicfidh arís a chéile
Le linn na síorruigheacht.
17
Chuimhnighidh-se a daoine
Go d-tiocfaidh lá na críocha,
Go m-beidh deire leis an saoghal,
'S gan fios cad é 'n spás.
Réir mar deir na h-úghdair
Tiocfaidh nuair nach sílfear
Mar ghaduidh ar shiúbhal na h-oidhche,
An gruagach sladaidhe, an bás.
18
Glacaighidh-se comhairle,
Anois i neart 'sa n-óige,
An cuntas do bheith i g-cóir;
'San aithridhe dheunadh i n-am,
No tiocfaidh an lá bheidheas brónach
'Snach mbeidh áirde ar bhur nglór-sa
Dá leághóch' sibh le deoraibh
Na súile astigh 'n bhur gceann.
19
Tá sé againn sgríobhtha
Ó bheul an Spioraid Naomhtha
Barr os cionn na mílte
Shíos i d-teampull Dé,
Go mbeidh trioblóid mhór i dtíribh,
Cogaidhe treun' ag righthibh,
Díothcháin ar na daoinibh,
