AN GAODHAL
27
Gorta, pláig a's eug.
20
Ní'l ionnta ar fad ach siúcradh
Bh-faras gaethibh móra 's toirneach,
An talamh ar crich le eagla,
'San cine 'r fad d'a g-crádh',
Sin é críoch gach cúrsa;
Sin é críoch gach sgiúrsa;
Sin é críoch an t-saoghail-seo,
A's gan fios againn ce 'n lá.
21
Bighidh ar bhur ngárda
Níos grinne feasda, a cháirdibh,
Mar campaidhe ar na n-árdaibh
'N aimsir cathaibh a triall —
Bhidheas réidh ar an tarrnge
Le troid anaghaidh a námhaid,
A g-cuid arm in a lámhaibh
'S gan duine fanacht siar.
22
Sgreadaighidh-se ar Mháire,
Impidhe ar Righ na ngrása
Sibh a thabhairt sábháilte
Ó gheur-bhruid na sluagh
Dhiabhala, leonmhar', chraosach'
A claoidheamh leis an mnaoi sin
A's le n-a leanbh Iosa,
Rug ar ifrionn buaidh.
23
Má thóigeann sise páirt libh
Is triadhsa libh an la sin,
Buailfidh sibh bhur námhaid
Is dógha, sílim féin.
Ní thiocfaidh a's níor thainic
Caraid O! níos fearr díbh
Ná bainríoghan na ngrása,
Aingeal agus naomh.
24
Tráth deunadh an dán seo
Seo é shios i rann díbh
Cho maith a's a b'fhéidir
Le ciall do chur i bh-fuaim;
Far tiocfaidh fós an aimsir
Nach mbeidh fios ce dubhairt 'n chaint so
Nó ce an tír nó teampull
A g-codlóchad go suan. —
25
Míle a's ocht de cheudaibh,
Naoi os cionn tri de dheugaibh,
Suim & dáta 'n téarma
Go sémhadh lá de 'n mhí
Ó rugadh Críosd ó Mháire
I m-Betlehem ins a stábla,
Gur éirigh an ghaoith in áirde,
Leath-uair ar éis an naoi.
An Cú & an Geirrfhiadh
Thainic Cú a bhí leanamhuint geirrfhiadh
ar feadh tamaill fhada suas leis faoi
dheireadh, & thoisigh sé i d-tosach d'a
ghreamadh & n-a dhiaigh d'a ligheamh. Gan
fios ag an ngeirrfhiadh cad do dheunadh
dhe, dubhairt: "Má's cara thú, cia'n fáth
bh-fuilir do mo ghreamadh? ach má's ná¬
mhaid, cad chuige bh-fuilir dom' chadradh?
Is measa cara cluaine ná námhaid
chinnte: biodh duine rud éigin nó 'chéile,
& in sin beidh fios againn le n-a theag¬
radh.
Vocabulary.
thainic, came, hannick.
leanamhuint, following, lhanwainth.
geirrfhiadh, a hare, (g hard) ger-ee-a
feadh, during, fah.
tamall, a while, thamull.
thosuigh, began, huss-y.
tosach, first, tusaugh.
dhiaidh, after, yee-ay.
ligheamh, iicking, lhee-uv.
greamadh biting, grammah.
cad, creud, what? kawdh.
dheunfadh dhe, make of her, yaynfahye
cad chuige, why, kawdh chuige
bh-fuilir, art thou, will-ir.
cadradh, caressing, kadrah.
cluaine, deceitful, klooneh.
teagradh, meet, oppose, thagrah.
Translation.
The Hound and the Hare.
A Hound after long chasing a Hare
at length came up to her, and kept
first biting and then licking him. The
Hare, not knowing what to make of
him, said: “If you are a friend, why
do you bite me? — but if a foe, why
caress me?”
A doubtful friend is worse than a
certain enemy: let a man be one thing
or the other, and we then know how
to meet him.
