34
AN GAODHAL.
DO M' MHÁTHAIR.
Leis an nGabhardonn.
1
A mháthair, is uaigneach mo chroídhe,
Ó tá tú go fuar ins an gcreafóg ag luidhe,
Ní 'l ceol ag na h-eunaibh; is gruamach an sruth;
Is dubh, duairc an speur lán de neultaibh i n-diú.
2
Budh suaimhneach an t-am in ar shuidhe mé led' thaobh
Ag éisteacht go grinn leat nuair bhí tú ag sníomh
Breágh-sgeultadh ar d-tíre, nó 'g seinim go binn
Sean-abhrán na h-Éireann — ceol sulthmhar, suairc, grinn.
3
Do mhúin tú dham grádh thabhairt do thír dhil na m-bárd,
'S do theangaidh na Gaedhilge 'n a sheinn siad go h-árd,
A's saoirse na h-Éireann a iarraidh go deo,
Ní le 'caint' acht le 'lann' a's 'lámh láidir' 's an ngleo.
4
Ní chluinim do ghuth 'nois, acht cluinim i m' chroídhe
Mac-alla do theagaisg do m' ghríosadh a choídh
Mo dhíthchioll a dheunadh sean-Éire a chur
'Na h-áit measg na náisiún saor, 's d'oibriugh' gan sgur!
5
Ochón-eó! ochón! cluinim fuaim measg na g-crann
Ag osnaíghil go brónach, tá 'n doilghíos go teann
Fá m' anam-sa fáisgthe mar mharbhfháisg na m-barbh
Tá smaointidhe mo chroídhe 'stigh dólásach a's searbh!
6
Tá 'n fiach ins an oídhche ag sgreadadh go geur
Mar an bás féin ag gáire, 's ag líonadh an aer
Le fuaim mhóir an uathbháis ; tá ceo trom ag luidhe
Ar aghaidh na talmhan ó mhaidin go h-oidh
7
Och! cluinim an ghaoth measg na gcrann n-árd ag caoi
Is cosmhúil a guth le guth bhrónaigh mná-sighe.
Tá 'n fhairge fá ghruaim chum na trágha ag rith,
Is duairc, dubh an speur, tá an ghrian ag dul faoi.
8
A mháthair! a mháthair! gídh brónach mo chroídhe,
Níor chailleas mo dhóthchus i ngrádh mór Righ
Go bhfeicfinn-se tú 'rís ar fhlaitheas na m-beo
Corónta le glóir mhóir a's sasta le sógh.
9
Ní thig leis an m-bás a bhreith buadha ar Dhia
Óir i nDia tá 'n bheatha 'n a cómhnuidhe gan gliath —
Nuair shéidfeas an stoc mór éireóchaidh na mairbh
Chum beatha no báis — béidh an Breitheamh geur, searbh.
10
Seadh! feicfidh mé thú, sin an t-athas is mó,
A's cluinfead do ghuth 'rís do m' líonadh de shógh
