(16)
11Mhadh Rol. Uimh. 4. SEACHT-MHÍ
1895.
Do Léigheadh an Pháipeur so leanas
Os Comhair Chonnartha na Gaedhilge i
mB'l'a'cliath, ar 4adh Ochtmhí, '93.
Tagradh air son Cheoil na h-Éireann.
Leis an nGabhar Donn.
as l.25.
g-cine fa leith ⁊ go bh-fuil tírghrádh ag-
uinn dul tharruinn. An cóir dúinn ar
g-ceol féin a thréigean ⁊ ceol na gcoimh-
idheach a thóghadh 'n a áit! Cad é an sórt
ceoil a fhóghlaimeas ar n-daoine a n-diú?
Déarfaidh sibh — ceol na máighistir
mór. Acht atá na maighistir móra 'n
a nGearmainighibh nó 'n a n-Iodálaighibh
⁊ múineann gach n-aon díobh ceol a d-
tíre féin, óir ní thig leo nidh eile a
dheunadh. Ní dheirim nach suairc a g-
ceol; is suairc é go deimhin; acht ní
ceol na h-Éireann é. Ní dheirim nach
chóir dúinn a g-ceol a fhóghlaim; acht
deirim gur b' fhearr dúinn ar g-ceol
féin a fhóghlaim ⁊ é a chur ar aghaidh ar
d-tús.
Cad is cóir dhúinn a dheunadh chum na
díoghbhála seó atá ag teacht ar cheol na
hÉireann a chosg? Measaim gur cóir
dhúinn ar n-aire féin a thabhairt do shean-
cheol ar g-cinidh ar d-tús ⁊ é a fhóghlaim,
óir ní thig linn caint a dheunadh a d-
taoibh nidh ar bith ar nach bh-fuil fios ag-
ainn; tar éis sin baramhail choitchinn a
ghríosadh chum ar g-ceol a chur ar bun in
ar measg arís ; 'nuair a deuntar an
nidh seo tiocfaidh linn a iarraidh ar na
m-buidhnibh puiblighe é a theagasg ins na
sgolaibh ⁊ ins na g-coláistibh ionnus go
n-deunfar stúideur áirighthe dhe arís 'n
ar measg mar bhí sé fad ó. Is cóir a
rádh nach n-deunann na sgoile "náisún-
