42
AN GAODHAL
Is Cell mor Dun-leth-Gluisse,
Nim dil cidh di-thrubh Temhair.
23
Patraic dia m-boi il lobhra
Ad cobhra dol do Mache
Do Luidh Aingel ar a cheann
For sedh a meadhan laithe
(Le bheith leanta)
And the great church of Dundal¬
ethglass [Down].
It is not pleasant that tribeless
be Teamar.
23
Patrick, after he was in sickness,
For comfort, was going to Armagh;
But there sat an angel on his head
On the way, in the middle of the
day.
SLÁNAIGHID DIA ÉIRE.
Aisdrighthe leis an Athair E. O Gramhna
Féach Vol. X. l. 374.
As an g-croich ag crochadh bhí
Triúr mac do b' uasal croidhe;
Buailte síos aig dian-righ díoghaltach
'lár a m-bláth ;
Acht do sheas siad ós a chomhair
Dána 'r nós a sinnsear mór —
Agus chuadar chum bháis le croidhe gan
sgáth.
(Luinneog)
"Slánuighidh Dia Éire," ar na gaisgidhigh,
"Slánuighidh Dia Éire," a n-aon rádh,
'S cuma linn cá d-tuitfimid
Ar an g-croich, nó ins an troid,
O nach cuma! acht bár fhághail d' Éirinn,
tír ar ngrádha.
Air gach taoibh bhí náimhde dúr,
Acht go dána sheas an triúr,
Óir ba cuimhnaech leo dil-chroidhthe ngar
's i g-céin;
Mílte croidhtheadh, cródha, fíor,
Tars an t-sáile tonntach shiar,
A's na cáirde dil' in Éirinn Naomhtha
séin.
(Luinneog)
"Slánuighidh Dia Éire" 'n gáir bhródach,
"Slánuighidh Dia Éire," a n-aon rádh,
'S cuma linn cá d-tuitfimid,
Air an g-croich, nó ins an troid,
Ó nach cuma! acht bár fhághail d' Éirinn
tír ar ngrádha
Chuadar fuas an staighre cam,
Ghlaodhadar ar Dhia 'r an am,
A's annsin, a's teud na Sacsan gleus¬
ta leo —
Phógadar le grádh an phóg,
Ar nós dearbhráthar dílis, óg.
D'a d-Tír féin, d'a nDia, 's do 'n t-
saoirse, fíor go deo —
(Luinneog)
"Slánuighidh Dia Éire," a'n gáir bhródach
"Slánuighidh Dia Éire," a n-aon rádh,
'S cuma linn cá d-tuitfimid,
Ar an g-croich, nó ins an troid,
Ó nach cuma! acht bár fhághail d' Éirinn
tír ar ngrádha.
A's ní léigfimid go deo
As ar n-inntinn cuimhne bheo
Ar an triúr a thug a n-anmanna d'ar
d-tír;
Acht ar aghaidh ag dul go bráth
'S cuma linn seun, sogh, a's crádh,
Nó go m-béidh ar d-tír 'na Dúithche mhóir
a's saoir.
(Luinneog)
"Slanuighidh Dia Éire" ar ngáir bhródach,
"Slánuighidh Dia Éire" ar n-aon rádh,
'S cuma linn cá d-túitfimid,
Ar an g-croich, nó ins an troid,
Ó nach cuma! acht bár fhághail d'Éirinn,
tír ar ngrádha.
We would recommend all those de¬
sirous of possessing a solid interesting
Gaelic reading matter to write to Mr.
Patrick O'Brien, the Gaelic publisher,
46 Cuffe st. Dublin, for his very in¬
teresting book, Bláithfhleasg de Mhil¬
seáinibh na Gaedhailge. Price, in cloth,
3s.
