48
AN GAODHAL
Deas Bhoston, an deachmhadh lá de mhí na Lúghnása, 95.
Chum Fear-Eagair an Ghaodhail :— A Shaoi Annsa, ag so dán a chum
mé agus tá súil agam go g-cuirfidh tú i g-clódh é. Is é a ainm. —
Dán Dólásach Ghráinne Mhaol. — Fonn : An Stáicín Órna.
Bhíos ag marunna seal a n-uaigneas cois bruach abhann na Sionnaine,
Agus mo smuaintighe ar na bitheamhnigh bhí deunadh sgrios san d-tír,
Trá do dhearcas uaim ar stuaidh chnoic bean uasal áluinn shonndasach,
Agus mná coimheadach in a cuideachd d'a treorughadh ins an t-slighe;
Do thriallas faoi n-a tuairim & d'iaras uiri comharcaidh ;
Ba le briathra binn sarmhilise do thóig sí mo chroidhe
Oir b' í seoide fíor uaisle do réir m' eolais ar a sinsioracht,
Sé rud dubhairt sí go mín, macánta ná bidheadh buaidhreadh ort a shaoi
D'fháilteas le fíor úmhalacht do'n mhnaoi laoich shoirche na Banba,
A gné 's a snódh níor bh' aithne dhom gidh ba áluinn é a cruth,
Budh mhilis, mhaiseas, mheineamhuil, deágh-sgíamhach a leaca mín,
A malaidh caola taithneamhach, & ba grinn glan a rosg;
Bhí fuilt breágh fada, ciar-dhubh go ciabach a casa léithe,
Go clannach, trilliseach, triopalach & é ag fás síos go crios;
Ba neamh-eaglach, treunmhar d'fheuch sí go ceannasach —
Samhail cheol sighe no oragáin, budh sár-bhinn é a guth.
Cheisnigheas an ríoghan-bhean an trá do leigheadh mé a h-aigneadh,
Cia 'n ríoghacht no tír uaidhe i d-tainic sí no cia 'r shíolruigh a traebh,
Nó arb' i Bhénus an bhean-dia Ghreugach, nó Deirdre gheal na Banba,
An bhean a chaoin clann Uisnigh cascartha & iad sínte i bh-fuil;
"Mise bean-tighearna chine Máilligh, & Gráinne Mhaol mar bhaisdeadar,
Mair mé go h-uasal, caithréimeach, & bhí árd mheas ar mo shliochd,
Acht do thriall na scafairidh thar sáile le gráin ar na sladairidhe,
Agus táimse i b-piéin ag fanacht leo súil go léigheasfeadh siad mo lot.
Ag so mar labhair an chúilfionn go ciuin, múinte, tláth, aigeannta,
Agus le fírinne d' fhreagair sí mo ráidhte in gach ceisd,
A's dubhairt go rabh a croidhe tinn, brónach fá fuar chúis chine Banba,
Óir tá siad i g-cómhnuidhe ag athchuinge 's gan áird ar a nguth;
Ní gheabhfuighear Féin-Riaghal go bráth ó árd chómhairle Shacsanaigh,
Mar tá siad fealltamhuil, calgach mar is dual dhíobh uaidhe traebh,
Cuimhnigh mar dhíbreadh siad an eaglais & bhánaigh siad na teampuill,
Ar g-creideamh, ar d-tír 's ar d-teanga mhin do dhaor siad gan choir.
Is mairg atá faoi chrádh ag an g-cine Gallda gangaideach,
Nach iomdha cill a's mainistir do shlad siad 's do loisg.
Sagairt, mánaigh 's bráithre d' fheann siad an croicionn díobh
Agus deagh easpog chreabhtheach Chaisil Mumhan dhéanaid luaithre d'a chorp,
Is iad nár choigil bean na páisde na othar treaghdach aicídeach,
No an mháthair chlaoidhte lagchroidheach & babán ar a h-ucht,
Acht samhail an mhadra-alta no faol-chú ciocrach mailíseach
Do bheimeadar, do ghearradar & do mharbhadar gan cosg.
Is fada mise i n-dólás & air shólás ní cleachdach mé.
Ar feadh seacht g-ceud bliadhain faoi tharcuisne gan faoidheamh ar bith,
Agus ní maolughadh acht ag geurughadh tá'n sgiúrsa leunmhar mhalluighthe,
