(17)
11Mhadh Rol. Uimh. 5.
SAMHAIN,
1895.
BÍODH CUIMHNE AG ÉIRE AR NA LAETHIBH DO BHÍ
Fonn. — An Sionnach Ruadh.
Bidheadh cuimhne ag Éire ar na laeth'bh do bhí
Sul do bhraith a clann féin í le feall-bheart,
Nuair bhí íodh de 'n ór-bhuidhe ar bhráighid Mhaoilsheachlain an
[righ,
Do bhuaidh ó 'n námh, bhí uailleach as all-neart:
'Nuair sgaoil a righthe brat glas na Craob-ruadh'
Tabhairt a laochra chum catha go claonmhar,
Sul do facas seóide Éireann ag dealradh go nuadh
A g-cróin-fhleasg an t-Sasanaigh fhuathmhair.
Trá bhidheas ar loch Néachaidh an t-iasga e ag siúbhal
Le linn soluis lae bheith ag faonadh,
Cidheann sean chloigthigh shíos, nuair bhídheas go h-úmhal
Ar bhruach na linne ag claonadh:
Mar siúd tré aisling bhímuid ag fághail
Lag-leus ar na laethaibh tá a g-cianta,
'S go brónach ag dearcadh ar a n-glóir faoi sgáil,
Tá báithte faoi throm-thona bliadhanta.
— Árdeasbog Mac Éil
