50
AN GAODHAL
rós-uisge do reic saor. Chomhaireamh
Abu Chasim air chonradh tairbheach, & do
chuaidh, & do cheannuigh sé an stoc iom¬
lán.
Acht eidir Abu Casim éadach sméar¬
tha, & rós uisge deágh-bholadhach, créad é
an choimceanngal is féidir a bheith? Go
deimhin níor cheannuigh sé dhó féin é, achd
tá rós-uisge faoi mheas mhór ins an
Óirthear, & cuirthear mórán dhe ó Bhag¬
dad go Persia. Mar sin de, mar dubh¬
ramar, do shúil Abu Casim táirbhe mhó¬
ra, & cheannuigh sé rós-uisge air luach
saor, go reicfeadh sé é aig deich uaire
a chostuis. Bhí sé cho taithnighthe re n a
dheágh-chonnradh, gur smuain sé gur chóir
dhó, aon uair ann a bheatha, siansa ion¬
aile d' fhághail.
Ní túisge gur ghlac sé amach a thróigh¬
íne 'san seomra-ionaile & bhí air tí é
féin do nochdadh, gur tharla isteach
duine eigin dá chaidreamh.
Air fhéachain na tróighíneadh cluiteach¬
a dhó, d'imdhearg sé an truailleánach, &
dubhairt leis gur daoine go coithchean i
m-Bagdad ag labhairt air a chois-éadach,
& gur chóir dhó tróighíne eile cheannach
fad ó shoin. "Do bhídheas féin ag smuai¬
neadh air," d'fhreagair Abu Casim, "ach
ní'l siad cho olc sin gur ní fhéad siad
a bhuanughadh beagán nios sia" Dubhairt
an carad, i ngut ciarsánach, gur b'iad
'nna náire & 'nna miocliu, & gur cóir
é bheith cosgtha ó dul timchiol i mó so
Chuaidh an fear amach uim a ghró féin, ⁊
ghlac Abu Casim a ionail. I n-am ceud¬
na, tháinic an "Caidi" de Bhagdad le
ionáileadh. 'Nuair bhí Abu Casim aig
cur a éadaigh air, iar thomadh glanach,
d' iarr sé go diomhaoin chum a thróighín¬
eadh. Achd a bh-fogus dhó. bhí beirt
eile de leathar dearg de Morocco,
gréasta go deas. "O"! ar sé, "Is fol¬
las go bh-fuil na tróighíne deasa so 'na
thabhartas ó mo charad, nar ab mian
leis go g-caithfidh mé mo thróighíne, de
dheich m-bliadhanaibh, níos mó"
Gur smuain óglach eigin droichbhear¬
tach, go mbudh sugradh maith é na trighine
do mhalairt, níor tháinic in aintinn. Ach
sin é an nidh a bhí deunta. Chuir Abu
Casim a chosa leathana, coimhiseala 'sna
tróigínibh deasa, & chuaidh sé amach go
luthgháireach.
'Nuair ghlac an "Cadi" a ionaill d'iarr
na tráille go diomhaoin chum na tróigh¬
íneadh deasa, feámanta, & fuaradar
amháin beirt sean, trom giobógach, tor¬
othárach, noch d'aithin gach aon mar na
tróigíne d' Abul Casim. Cuireadh sé
searbhfhóghantuidhe fá céadóir a n-diagh
an bhitheamhnaighe, óir bhí meas gur mhian¬
uigh Abu Casim an mhalairt so mar
deágh-bhéim de ghno Tabharadh é i bhfiadh¬
nuise de 'n "Chadi," bhí na tróighine dea¬
sa dearga air o chosaibh 'na theastas
d'a chionta, & orduigheadh go príosún é.
Le fáisgeadh 'n dlíghe elogh, tháirg sé
a eiric do dhíoladh ; & mar a bhí sé faoi
mheas a bheit saidhbhir, mar aon 'nna
thruailleánach, dob' éigin dó a láimh a
thomadh go doimhin iona mhálaibh airgid
le sásamh a thabhairt do 'n "Cadi," ⁊
d'a fhearaibh. Iar so a dheunadh, chuaidh
Abu Casim abhaile croidhe-bhriste. Bhí sé
cho feargach anaghaigh na tróighíneadh noch
do righne poll cho mór iona a mhálaibh
airgid, gur ghlac, & gur theilg sé iad
'san Tigris, noch do thráigh fa a fhuineóg.
I laethibh 'neis só, bhí iasgairidhe aig
tarraing a g-cochal asan amháin. Fuar¬
adar ceann díobh sár throm, & bhídhead¬
ar luathgháireach le súil de tharruing
móir; achd cad de tharruing a bhí sé, bhí
na tróighíne d'Abu Casim gabhtha san g-
cochal, iona righneadar na tairnge trom
a, garba, strocadha móra. Bhí labhairt
árd ann labhradh ascaine croidheamhla a
n-aghaidh na sean troighíneadh, gur ghlac,
& gur theilg iasgaire óg iad ins an t-
seomra codalta dh' Abu Casim, mar bhí
an fhuinneog fosgailte. Do lean cul¬
lóid mhóir & fothrum isteach san t-seom¬
ra. 'Néis sin dorámh na iasgairidhe a¬
mach 'Nuair tháinic Abu Casim abhaile
uim meádhon lae, ní túisge d'fhosgail
sé a dhorus tosach, gur fáiltigheadh a
pholláiridhe re boladh is milse, & dubhairt
leis féin le dranntadh sásuighthe, "Má
tá aig an rós-uisge 'san mbuidéalaibh
baladh cho maith,
(Le bheith leanta.)
