AN GAODHAL
57
ABHRÁN AN RIDIRE,
(Abhrán Gearmánach).
Leis an nGabhardonn.
A thúis an lae! a thúis an lae!
An chum báis a dúisgthear mé?
Goirfidh 'n stoc go luath chum catha,
Caillfidh mé 's an ngliath mo bheatha,
Mé a's iomad camarádh.
Níor mheasas féin, níor mheasas féin
Go gcríochnóchaidhe an sógh 's an seun!
'Ndé ar chapall breágh im' shuidhe-se;
'Ndiú buan-ghointe tréas mo chroidhe-se;
'Márach ins an uaigh am luidhe!
Och! nach lúth, och! nach luth
Chríonas deise agus cruth
Bh-fuil tú uaibhreach as do sg amhacht
Innte caor a's sneacht 'n a rígheacht
Och! na rósaidhe feothann siad.
Acht go réidh, acht go réidh
Géillfidh mé do thoil mo Dhé;
Troidfidh mé anois chómh treunmhar
Smá's i ndán dam bás faoi leun mór
Eugfaidh mé i m' laoch fior-ghroídhe.
Cathair Chansas, Sráid Mhiosuraigh,
29adh de 'n dara mí d' Fhóghmhar '95.
Do M. J. Ua Lócháin, F E. 'n Ghaodhail.
A Shaoi ionmhuin. — Fuaireas na Gao¬
dhail a chuiris chugam an t-seachtmhain
seo 'g imthig tharainn. Buidheachas duit.
Atá scoil Gaodhailge d'a cuir air bun
againn ann so, & tabharfad dos na
scoláiridhe iad.
Budh mhaith liom cúntas geárr a thabh¬
airt duit air an fáilte bhaile fuair ar
n-Easbog onóraigh. J J. Ua h-Ógáin, D
D., air a theacht a bhaile ó Éirinn. Bhí
sé air g-cuaird anns an oileán sár
bhreágh úd bréis & bliadhain ag lorgadh a
shláinte. Is fuair sé í, mar fheiceann sé
mórán níos óige anois ná d'fheuch sé
air a imtheacht.
Tráthnóna 'n lae a thainic sé abhaile,
bhí timchioll ceithre mhíle duine cruinnigh¬
the aige tigh mhóir na m-boithre iarrainn
a feitheamh le shé fheicsint agus fáilte
thabhairt dhó. Atá seacht b-paráisde
deug, beag is mór, Caitilice anns an
g-cathair seo, & air thuitim na h-oidhche
an lae úd do cruinneadar le chéile
timchioll trí mhíle fear díobh, & trill¬
seán air lasa ann láimh gach duine acu,
ag ceann de na sráidibh puiblighe, i n-
gar de mhíle de 'n depóth & d'fhanadar
in sin no go d-tainic an t-Easbog, & a
chuideachta in a láthair; is stad sé chum
amharc orra an fhad is do bhídheadhar a
siúbhal tairis in a chomhair fa leith, &
ghluaiseadar roimhis ar na srádannaibh
puibhligh i ngar dhá mhíle mór thimchioll no
go d-tangadar go dtí cill mhór an Eas¬
buig. Agus nuair d'fhosgail siad dor¬
us na cille móire sin budh gheárr go rabh
sí lán de dhaoinibh, chum éisteacht le dhil¬
eagra fáilteach a thug an sagart por¬
ráisde in a n-ainm do 'n Easbog, & an
freagra thug sé orra is a bheannacht
dóibh uile.
An lá na dhiaigh sin thug sagairt na
fairche (timchioll cúig dhuine deug agus
fiche dhíobh) feusda do 'n Easbog ag
ceann de thighthe ósda na cathrach so, &
dileagraigh fáilteacha le sláintibh agus
le fáiltighibh go leor
Atá cumann úr in so a cuireag ar
bun i d-tosach na bliadhana so, air na
ngáirid "Ingeanna na h-Éireann," no,
roinn aon de congnamhóiridhe "Ord
Ársa na h-Éireann," & thugadar coisir
mhór do 'n Easbog an dara lá deug
de 'n mhios so, in onóir air theacht lae
nasa a choisreachan ar a thogha mar
easbog, seacht m-bhladhna fichead o shoin.
An fear eolgasach a thoghadar chum a n-
dileagra léigheamh do 'n Easbog d' iar
sé orm dileagra Gaodhailge sgriobh dhó.
Shaoileas an tráith cheadna go rabh gach
uile chumann Caitiliceach anns an m-
baile mór so le fáilte tabhairt dhó, ach
ní h-amhladh bhidheadh, & o bhí an fáilte a
bhaile seo scríbhte agam do 'n chumann
Gaodhlach thugas dhó é, taréis athrughadh
beag a dheunadh air.
Séamus C. Ua Caoile, an fear óg a
tá ag cur scoil Ghaodhailge air bun an
so. Do scríobh sé é ar mheambrum mhín
an dileagra Gaodhailge, & an Béarla
leis, is cuireag i leabhar beag iad do 'n
Easbog.
