58
AN GAODHAL.
FÁILTE BHÁILE.
Do 'n d-Tighearna Easboig Óirdheirc, Óirbhideanach, agus
ro Ónóraigh 'nDia,
J. J. Ua h-OGAIN. D. D.
Easbog Deoiseas Chathair Channsas, air a Theacht abhaile
ó Éirinn, agus i g-Cuimhne Lá Nasa a Choisreacan mar
Easbog, Seacht mBliadhanna ⁊ Fiche ó shoin ó 'n Trio¬
madh lá deug de 'n mhí seo.
FÁILTE —
A Thighearna Easboig, De do bheatha bhaile,
Go dti phobul ghrádhmhar féin;
Tá átas orrainn cuir fáilte rómhat,
Ag teacht faoi shláinte 's seun
Gidh tá na Sagairt a sheolan sinn
Air shlighe ar m-beatha bádhmhar,
Is fearr go fada, 's go mór linn thú,
A Thighearna Easboig ghrádhmhar.
Is maith linn a Thighearna mar go bhfuairis
Cead cuairte air dhuthchaigh do mháthar
Chum machtnamh 's smuaineadh air bheatha na naomh
'San áit úd a bheannuigh naomh Pádraic;
A dúiseacht smuaintidhe úr in do chroidhe,
Air fheicsint gach cill, 's roillig ársa,
Mar a bh'fuil mílte ded' shinsear 'na luighe,
An radharc Dé, chaith beatha macánta.
Budh mhaith linn má sé do thoil é, a Tighearna,
Fios cúntas na ndaoineadh do fhádhailt:
Bh-fuil puinn de Chlann Míleadh na h-Éireann
A thigeann an Ghaodhailge do labhairt;
Cloisimíd nach bh-fuil ach an fíor bheagán díobh
A thuigeas ár d-teanga níos mó
'Sgo bh-fuil gníomhartha na naomh 'gimtheacht as g-cuimhne
'S gur daille i bh-fad iad 'san m-Béarla nuadh.
Seo ceist budh maith linn d' iarradh ort,
Má sé do thoil éisdeacht go fóil,
Bh-fuil siad i céasa na n-daoineadh 's d'a ndíbirt
Ó 'n talamh, mar bhídheadar fad ó,
No, bh-fuil a g-croidhe 'gus misneas cho claoidhte
Le imreas 's aighneas gach tráth,
Nach féidir iad d' aontughadh le chéile choidhche-
Aig éileamh a saoirse go bhráth.
A Thighearna óirbhideanach, 's Easbuig a rúin,
Tá ar ngrádh dhuit, go deimhin, an mhór,
Is measaim nach féidir ar bh-fáilte do shárughadh.
Gidh go bh-fághair fáiltidhe teangtha go leor;
Mar a tá tuata agus cléireach a formad le chéile,
Ce acu thiúbharfadh dhuit an fháilte is mó,
Sé ar bh-fáilte-ne fáilte ingeanna na h-Éireann, —
Ceud míle fáilte dhuit go deo.
Padraic Mac Ineirigh.
