(18)
12Mhadh Rol. Uimh. 6.
GOINBHAR,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
Bhí buachaill i gCondae Muigheo ná 'r
nigh a chosa ó rugadh é, ⁊ mar nach d-tiuc-
fadh le duine ar bith iachal do chur air
a chosa nigheadh, tugadh "Goillís na g-
Cos Dubh" air mar ainm. Is minic a
dubhairt a athair leis "éirigh a stróinse
⁊ nigh tú fhéin," ach diabhal cos do chor¬
róchadh sé, Ní rabh aon mhaith ag caint
leis. Bhidheadh h-uile dhuine i deunadh
magadh faoi mar gheall ar a chosaibh sa-
lacha, ach ní rabh aon t-suim nó beann
aige ortha D'fheudthá rud ar bith a
rádh leis, ach bheidheadh a thoil féin aige
faoi dheire
Aon oidhche amháin bhí 'n mhuirighín go h-
uile in a suidhe timchioll na teineadh, ag
innsint sgeul ⁊ ag deunadh grinn dóibh
féin, ⁊ bhí seisean in a measg. Dubhairt
an t-athair leis, "A ghoillís," ar sé, "tá
tú bliadhain 's fiche d' aois anocht, agus
creidim nár nigh tú do chosa ó 'n lá a
rugadh tú go dti seo."
"Thug tú d' éitheach," arsa Goillís,
"bhí mé ag snámh lá Bealtaine, ⁊ níor
fheud mé mo chosa chonghbháil as an uisge."
"Bhí siad cho salach a's bhí siad ariamh
nuair a thainic tú do 'n tráigh," ars an
t-athair.
"Bhí siad sin, go cinnte, ar Goillís.
"Sin é 'n rud atá mé rádh," ars an
t-athair, nach rabh ionnat do chosa nighe i
riamh."
"Agus ní nighfead go lá mo bháis,"
arsa Goillís.
"A bitheamhnuigh bhradaigh! a bhodaigh!
a thincéir! a sróinse gan mhaith! cad é
an sórt freagra é sin?" ars an t-ath-
