AN GAODHAL.
61
NA TROÍGHINE DRAOIDHEACHTA
Sgeul Óirthear.
le M. Ua C.
[Leanta]
cad é is éigin do bheith 'nuair tá na ar¬
cáin amuigh?" agus dheithfrigh sé suas
na staighiridhe chum a sheomra. Ach cad
é an radharc bhí casta air a dhluth-fhéach¬
aint! Loch de rós-uisge 'na soighthíocha
deasa go h-iomlán brisde, an clár air
ar chuir sé iad go cúramach teilgthe do
'n urlár, & a bh-fogus leis bhí a throighíne
uisge-bhogaighthe. "Is duine caillte, léir-
sgriste, bochd, anbhfan mé, níos boichte
ioná duine ar bith a m-Bagdad. Na
troighíne malluighthe!"
Is mar sin do gháir amach Abu Cas¬
im iona eadóthchas, mar do reub sé a
ghruaig, & a fhéasóg a bhí go h-iomlán
neamh-cíontach ins an nidh.
Gur fear bochd é, go deimhin ní raibh
fíor, achd righne a thruaillígheachd é, le
féachain air a mhíofhortún a bheith deich
uaire nios measa ioná do bhí sé. Mar
do bhí Abu Casim ag uailleadh, & ag ra¬
mhailleadh mar so i n-éadóthchus, chruinn¬
uigh na comhursana 'na thimchioll, air ea¬
gal gur chas tubaiste eigin air; achd
'nuair dhearc siad ar tharla, an áit é
thruaimhéilleadh, thaisbeánadar achd luath¬
gháir mhailíseach. Budh iomarcadh é so d'
Abu Casim, — gur b' éigin dó ní é amh¬
áin do chur suas le n-a chailleamhnaibh,
achd a bheith curtha faoi sgige; Budh do-
fhulling é. D'iompuigh a chuthach uile an-
adhaigh na d-troighíneadh míodhaghamhara,
ghur chinn sé le iad a dhóitheadh suas, io¬
nos nach bh-feudfadís urchóid a dheunadh
dhó nios sia. 'Nuair theilg Abu Casim
na troghíne 'san teine bhí siad cho uisge-
bhogaighthe sin, gur fuair sé amach go n-
glacfadh iomarcadh ádhmuid le iad a
dhóitheadh, air an ádhbhar sin theilg sé iad
amach air mhullach an tighe le tirimeadh.
Tá na féighidh coimh-íseal 'san tír sin
Anuair sin dheithfrigh Casim amach le
fhéicheál air a ghno, & é féin do chúiteadh
air son a chailleamhan re táirbhibh nuadha.
Tá sean-rádh ann, gur cosamhuil an
madadh le n-a mhaighistir. Bhí madadh
ag Abu Casim, — Béitheach fuathmhar.
Ba mheud meadhon é an madadh, dubh, re
ballaibh bána-salacha air, smuit fhada
gruagach air, cho tána go m-b'fhéidir
leat a asnadha chomhaireamh; ann aon
fhocal, budh coileán gránna é. Bhí 'n
madadh na luidht air chearn an féighe,
'nuair a theilg Abu Casim a throighíne a¬
mach. Rith sé chuca i súil le nidh eigin maith
fhaghail re íthe, óir air nós bhí sé ocrach
do shíor; achd 'nuair chuir sé a fhiacla
ortha, fuair sé amach gur rabh siad ro
ríghin. An uair sin ghlach an béitheach
mian le imirt. Luidhe sé síos air
cheann de na troithínibh, & thosuigh sé d'a
tharraing, & d'a theilgin timchioll. Ur-
churfadh sé 'san aer í, & tafanóchadh sé
air a titim air na slíntibh le fothrum.
Righne sé an torain gur tháinic na comh¬
ursana amach leis an cleas d'fhéachaint,
noch aitiosadar go cróidheamhuil. Thais¬
beán so misneach do thabhairt do 'n mha¬
dadh, noch do tharraing, & do theilg an
troighín níos fiadaine ioná righne sé a¬
riamh, gur urchar sé fá dheire í thar an
fala, in imioll an féighe.
Go míodhaghbhar tharla fear maol a
bheith siubhal taoibh balla an tighe i móim¬
méint so — fear darab ceann cho mín
& soillseach le liathróid eabuir — & thuit
an troighín fealltórach air.
Budh ághmhar é nár bhuail sál na troigh¬
íne an fuar bochd, achd amháin an bunn,
ann a raibh na tairnge níos lugha, achd
ghlac sé cúig no sé créachda, as ar
thráigh an fhuil go líonmhar. 'Nuair chas
Abu Casim a bhaile 'san trathnóna, bhí
na constabail ag fuireach air, & ghram¬
uigheadar leis an choileir é, le na tharr¬
aing go príosún. Tabharadh clos geárr
dó, ann a rabh éigean dó d'adbháil, gur
leis féin bhí an troighín míodhamhar, & an
mada ciontach mar an g-céadna. Righne
Abu Casim gach nidh le congbháil amach
ó phríosún. Anuair sin righne ann fear
créachta forail dó, má dhíolfádh Abu
Casim dó an fhelios de mhíle "piaster"
ar son gach créacht de na sé chréachdaibh
